Psailm 119 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXIX Psalm. Aleṗ. Aleṗ. 1 ’S béannuiḋ an druing ta ionruic glan, San tslíġe díreaċ ċóir; An druing ’ṡiuḃlas fós a ndlíġeaḋ, Árd Ṫiġearna na nglóir. 2 Is beannuiḋe an ṁuintir úd maraon, Ċóiṁeádas fiaḋnuis’ Dé; A’s d’iarras e go díṫċiollaċ, Lé n’uile ċroiḋe gaċ ré. 3 ’Na ṡlíġiḃsean fíor‐ġluaisfear léo, ’S ni ḋéanuid aingiḋeaċt. 4 D’aiṫin duinn go ccoiṁeadfaḋ sin. Go grionlaċ a reaċt. 5 Ó stiúir mo ċéim ’s coiṁeádṫar leam, Do reaċt da maiṫe féin! 6 ’S naċ ngaḃfainn náir, traṫ ḃeirim spéis, Do d’ aiṫintiḃ go léir. 7 Le dioġrais croiḋe go fírinneaċ, Mór‐ṁolfad ṫu go binn; Air ḟoġluim ḋaṁ do ḃreiṫeaṁnais, Do ċeartais naoṁṫa grinn. 8 Do reaċta ċoiṁead as so suas, Se rún mo ċroiḋe a ġnáṫ; A Ṫiġearna na tréigse me, ’S na cuir me uait go bráṫ. Beṫ. Beṫ. 9 Cread leis a nglanfuiġ an togánaċ A ṡliġe fein go ceart? Tré ḟaicill ṁaiṫ a’s fóraire, ’Réir d’focuil a’s do réaċd. 10 Le m’uile ċroiḋe go hiomad’úil, Do loirg me ṫu go beaċt; Na leig daṁ dul air seaċarán, Ó’ d’aiṫintiḃ roiċeart. 11 Ar eagala ċoir, d’foluiġis féin, Do ḃriaṫra ann mo ċroiḋe. 12 Ó teaguisg daṁ do reaċt go dlúiṫ, ’S beannuiġṫe ṫú a’d’ Ríġ. 13 Lé m’ ḃiliḃ ceart a’s cóir do ḃéil, ’Noċt me air fad ’s ar leiṫead. 14 Sliġe ṫ’fiaḋnuiseaḋ b’aoiḃine liom, Na saiḋḃreas mór dá ṁéad. 15 Breiṫneóċuiġ me le m’uile smuain, Air d’aiṫintiḃ go léir; Air ċéimeaniḃ do ṡlíġṫe Ḋé, Síor‐ḋearcfad féin go géar. 16 Glacfa me tlaċt a’s dúil ro ṁaiṫ, Do d’ reaċdaiḃ‐se go léir; Ar dearmad fós ni leigfead uaim, Deaġ‐ḃriaṫar glan do ḃéil. Gimel. Gimel. 17 Cuitiġ le do ṡearḃfóġantúiġe, A Ṫiġ’arna na ḃfeart; Go mairiġ me gan claoiḋċint fós, ’Coiṁead do ḃriaṫar ceart. 18 Fosguil mo ruisg a’s ċíḋfe mé, Iongantas as do reaċt. 19 Is coigcríoċ me air an uir seal, Na foluiġ uaim do ċeart. 20 Ta m’anam briste bruiġte ’stiġ, A’s duḃloite fá ḃrón; Ag meud mo ṫograiḋ a’s mo ṁian, Dod’ ḃreiṫeaṁnais gan ónn. 21 Luċt uaiḃir malluiġṫe d’imḋearg tú, Ċlaon ó d’ aiṫeantaiḃ‐se. 22 Aṫruiġ uaimse miṁeas a’s spíd, Óir ċoiṁead me ṫ’fiaḋnuise. 23 A’m’ aġaiḋ laḃair prionsuiḋe tréun, Air suiḋe ḋóiḃ súd le ċéil’; Aċt air do ḋliġṫiḃ‐se ro náoṁ’, Do smuainiġ d’oglaċ féin. 24 Taim gaḃáil tlaċt a’s gean ro ṁór, Dod ḟiaḋnuis’ ḟirineaċ; A’s mar an ccéadn’ ta siad a m’féíḋm, Mar luċt mo ċóṁairleaċ. Daleṫ. Daleṫ. 25 Ta m’anam a leanṁuin gus a núir, Réir d’focuil beóġuiḋ mé. 26 Noċt me mo ṡlíġe, a’s d’eist tu riom, Múin ḋaṁ do reaċt, a Ḋé. 27 Air ṡlíġṫiḃ fíor‐ġlan h’aiṫeantaḋ, T’uir ḋaṁsa tuicse ġéur; Ionnus air d’feartuiḃ iongantaċ, Go smuaineóċuin le céill. 28 Ta m’anam a leaġaḋ síos le brón, Réir d’focuil neartuiġ me. 29 Fiar‐ṡlíġe na bréige seaċain uaim, A’s deónuiġ ḋaṁ a Ḋe. 30 Sliġe na fíríne ionruic ġlan, Is í is roġuin leam; Do ċuir me do ċeart ḃreiṫeaṁnas, Fám’ ċóṁair féin gaċ am. 31 Do ġreamuiġios fós go diṫċiollaċ, Red’ ḟiaḋa náoṁṫa féin; Na cuir go haṁluaḋ ’náire me, A Ṫriaṫ ta laidir tréun. 32 A slíġe ḟior‐ġlan d’aiteanta, Síor riṫfiḋ me le tlás; Traṫ ġniḋṫear leat mo ċroiḋe teann. Le fairs’neaċt mór gan ċás. He. He. 33 Sliġe do reaċta teaguiisg ḋam, O Ḋia, Iehoḃa ṫréin; Coiṁéadfad go grionġalaċ, Go fuinn mo ḃeaṫa féin. 34 Tuicse a’s éolas taḃair ḋaṁ, A’s cóiṁeadfuiḋ me do reaċd; A’s fós lém’ ċroiḋe féin go leir, Coiṁéadfad e go beaċt. 35 A ccéim do reaċt t’uir ormsa triall, Óir ḋaṁ is ionṁuine. 36 Mo ċroiḋe ċum t’fiaḋnuise cláon, A’s ni ċum sainte ’Ḋé. 37 Ó ḋearca air a ndioṁáoineas, Fíll mo ṡúile a Ḋé; Aċt an do ṡliġṫe naoṁṫa féin, Aiṫḃeóġuiġ ṫusa mé. 38 O daingniġ d’focal fírinneaċ, Dod’ óglaċ féin gó dian; Don neaċ ṫug suas é féin air fad, Dod’ eagla a nois le cian. 39 Fill uaim naire, d’ar eagal liom, Oir is maiṫ do ḃreiṫ a Ḋé. 40 Feuċ, is ionṁuin leamsa d’aiṫeanta, A’d’ ḟírinn beoḋuiġ me. Ḃau. Ḃau. 41 Tigdís do ṫrócaireaḋa mar an ccéadn’, Dom’ ionsuiḋe féin a Ḋé; D’fuasglaḋ ceart a’s do ṡláinte ċáoiṁ, A réir do ḃreiṫre glé. 42 Mairsion do neaċ ḃéir maslaḋ ḋaṁ, Biaiḋ agam freagraḋ cóir; Oir an do ḟocal fírinneaċ, Cuirfead mo ḋoċas mór. 43 Focal na fírinne na beir leat, Go hiomlan as mo ḃéul; Óir ann do ḃreaṫeaṁnas ro ċeart, Do ḃi mo ḋóċas féin. 44 Mar sin go suṫain a’s go síor, Cóiṁéadfaḋ mé do reaċt. 45 Arson gur iarr me d’aiṫeantaiḃ, Síuḃólad go fairsiong ceart. 46 A ḃfiaḋnuis ríġṫeaḋ laḃóruiġ mé, Air ṫeasdas Dé gan sgáṫ. 47 ’S biaiḋ dúil agam ann ṫ’aiṫeantaiḃ, Go mór d’á dtug me gráḋ. 48 ’S ċum ṫ’aiṫeanta dá dtug me toil, Tógfad suas mo láṁa. A’s ann do reaċtaiḃ ḋéanfaḋ me, Smuaineaḋ oiḋċe a’s lá. Sain. Sain. 49 Cuiṁniġ an ḃriaṫar úd, a Ḋé, Dod’ óglaċ féin anois; D’á ttug tu mar ḃarr dóċuis ḋaṁ, ’S gur ḋearḃais mise ris. 50 ’Se so mo ṁeisneaċ a’s mo ṡoḋ, A’ m’anacar roi‐ġéur; Oir rinn do ḃriaṫar fírinneaċ, Mo ḃéoḋaḋ suas go tréun. 51 Do ḃi me mar ḃall ṁaguiġ ṁórr, Ag dáoiniḃ ardánaċ; Giḋeaḋ nior lúb me ó’d ḋliġeaḋ, Le cláonaḋ seaċranaċ. 52 Do ḃreiṫeaṁnais do ḃí o ċian, Ċuiṁniġ me, Ḋia go léir; A’s ġlac me ċuġam a ris ann sin, Meisneaċ mór a’m’ ḟéidṁ. 53 Dá ḃríġ gur ṫréig na dáoi do reaċt, Ġlac uaṫḃás me go mór. 54 A ttiġ mo ċuairt a’s m’oiliṫre, Do reaċta b’iad mo ċeól. 55 Ċuiṁniġ me d’ainm san oiḋċe’, Ḋé, A’s coiṁéadfaḋ me do reaċt. 56 Fuair me so, ’ḃriġ gur ċoiṁlíon me, Do ḋliġṫe‐si go beaċt. Ċeṫ. Ċeṫ. 57 Mo ċóṁroinn a’s mo ċrannċar ṫu, A Ṫiġearna a’s a Ḋé; Do ġeallas go cinnte do ráḋ, Ċoiṁead air feaḋ gaċ ré. 58 Le m’uile ċroiḋe ġuiḋe me air, Do ġnúis ’s do ġrása séin; A réir do ḃriaṫar ḟírinneaċ, Déan trócair or’m go cáoin. 59 Do ḃreaṫnuiġ me, mo ṡliġṫe féin, A’s réd’ ḟiaḋa d’fíll mo ċos. 60 Rinnis deiṫfir ċóiṁéad d’áiṫeanta, ’S níor ġaḃ me spás ná fois. 61 Ṡlad sluaġ na gcionntaċ me go dian, Nior ḋearmuid me do reaċt. 62 San ṁeóḋon oiḋċe éireóċuiġ me, Go molfainn ṫu go ceart. 63 ’S fear comuinn me a’s cómpánaċ, Don druing d’ar eagal ṫú; ’S don luċt úd a ċoiṁeadas fós, T’fíor‐aiṫeanta go dlúiġ. 64 O Ṫiġearna tá’n talaṁ lán, Dod’ ġrás ’s dód ṫrócáre ċáoiṁ; Tuicse agus eólas taḃair ḋaṁ, A’d’ reaċtuiḃ ta ro náoiṁ. Teṫ. Teṫ. 65 Dod’ óglaċ rinn tu maiṫ, a Ḋé, Do réir do ḃriaṫair ċeart. 66 Eagna a’s eolas teagasg ḋaṁ, Óir ċreideas féin do reaċd. 67 Roiṁ mo ḃuaiḋreaḋ air seaċrán ċuas, Aċt d’focal ġléiḋ me ’nois. 68 Is maiṫ tu fós, a’s ġníḋ tu maiṫ. Ann d’aiṫ’niḃ teagaisg mis’. 69 Do ċumadar na huaiḃriġ borb, A’m’ aġaiḋ ana ḃréug; Aċt cóiṁéadfa me ṫaiṫeanta, Re croiḋe iomlán gan tréug. 70 Ta ’gcroiḋe raṁar a’s meiṫ go leór, Mar ṡaill ro árd gan ġó; Aċt ta mo ḋúil‐se gan áon tráġ, Ann do ḋlíġe féin gaċ ló. 71 ’S maít ḋaṁsa ’nois go raiḃ me féin, A mbuai’rt ’sa naṁgar ġéur; Do ċum go ḃfoġluimfinn go beaċt, Do reaċta ceart go léir. 72 Is fearr ḋaṁ go mor an reaċt’ ta, A’ teaċt ó’d’ ḃeul amaċ; Na mílte dluiġ don airgiod ġlan, ’S don ór is deirge dreaċ. Iod. Iod. 73 Do rinn a’s ḋealḃ do láṁa me, Déan tuicseaċ me ḋá réir; Do ċuim go ḃfuiḋinn eolus maiṫ, Air d’aiṫeantuiḃ go léir. 74 Traṫ ċi do ṗoḃal me, bíd ait, Óir ḋoiġ me ann do réaċt. 75 ’Ḋia, ċí’m gur ceart do ḃreiṫ, le cóir, Do ġortuiġ tu me go ceárt’. 76 ’Ḋé guiḋim ort, do ṫrócair ċaoiṁ, Ṫ’uirt meisneaċ ḋaṁsa’nois; Do réir an ḟocail laḃair tu, Re d’óglaċ féin gan ċlis. 77 O tigeaḋ ċugam fein anois, Do ṫrócaire ċaoiṁ a Ḋé; Dom ċongḃáil beó, oir se do reaċt, Mo ṁian ’s mo ṫlaċt gaċ ré. 78 Na huaiḃríġ cláoiḋtear iad air fad, Ḃain riom gan ċuis gan fáṫ; Go fealltaċ fiar, aċt smuaintéoiġ me, Air d’aiṫeantuiḃ gaċ lá. 79 Fillfear anois, luċt ṫ’eagla rium, ’S an druing dar eól do ṫeist. 80 Mo ċroiḋe bíoḋ fóirfe ann do reaċt ’S na bímse naireaċ feasd’. Caṗ. Caṗ. 81 Ta m’anam ċum do ṡlánúiġṫe, Ag meirtniúġaḋ a Ḋé; Aċt ann do ḃréiṫir mo ḋóiġ ḃí, Go buan gan sgur áon laé. 82 Tré do ráḋ faillíġid mo ruisg, Ag ráḋ, fós coin a ġníḋ’r? 83 Oir táim mar ċrúiscín annsa toit, ’S do reaċt a’m’ cuiṁne ṡíor. 84 Ca ṁéud iad laeṫe d’ógluiġ féin? A’s fós, aḊé, cia huair? Breaṫaṁnas ċuirfeas tu a ngníoṁ, Air ḋrong ta orm san tóir? 85 An drong’ ta lann de’n uaḃar ċláon, Ḋaṁsa ṫoċaill siad poll; A’s sluic doṁain, ’naġaiḋ do ḋlíġe, Le fíoċ agus mór‐ḟeall. 86 Géirleanuid me go héuccóireaċ, ’Ḋé furtuiġ me a’m’ ḟéiḋm; Oir taitneaċ agus fírinneaċ, Ta d’aiṫeanta leam féin. 87 ’S beg nár ċlaoiḋeaḋ air talaṁ me Nior ṫréig me ṫ’iar’tas naoṁ; 88 Go gcóiṁéadfainn breiṫeaṁnais do ḃéil, Aiṫḃeoġuiḋ me go cáoṁ. Lamed. Lamed. 89 Ta d’focal bunáiteaċ go bráċ, ’S na neaṁuiḃ ṡuas, aḊe: 90 Ta d’firinn agus dísleaċt ċaoiṁ, Buan‐ṁarṫanaċ gaċ ré; Do ḋaingniuġaḋ an talaṁ leat, ’S na ṡeasaṁ ta d’a réir. 91 Ta buan a ndiuġ’ réir d’aiṫine féin, Do ṁuintir iad go léir. 92 Muna ḃeiṫ gur ġaḃ me taitneaṁ mór, Dod’ ḟocal ḟírinneaċ; Ṁeaṫfainn go luaṫ, a’s ġeoḃfainn bas, A’m’ aṁgar iomarcaċ. 93 Daiṫeanta ni ḋearmódfa me, Óir ḃeoḋuiġ tu me leo. 94 ’S leat me, orṁ foir; óir d’iarr me féin, D’aiṫeanta maiṫ gaċ ló. 95 Do ḃi luċt cora a ḃfaire ġéar, A’m’ ḟeiṫeaṁ ċum mo sgrios; Aċt air do ṫeasdas ḟírinneaċ, Lem’ smuaintiḃ ḋearcuiġ mis. 96 Crioċ gaċ iomláine do ċonnairc me, San tsaoġalso d’á ṁéud; Aċ d’focal ta gan toṁas fos, A ḃfairsineaċd ’s a léud. Meṁ. Meṁ. 97 Cia ionṁuin liom do ḋliġe a Ḋé, Mo smuaine é gaċ lá. 98 Ós m’eascaraiḃ ṫug eagna ḋaṁ, Led’ reaċt, ta leam do ġnáṫ. 99 Ós cionn mo ṫeagasgóiríḋe air fad, Táim tuigseaċ ann do réir; Oir is iad do náoṁ‐ḟiaḋnuisí ’Ḋe, Mo smuaineaḋ go ro léir. 100 Taim tuicseaċ, eagnuiḋe fós ó’s cionn, Gaċ seanóir ann san tír; Airson gur ċoiṁead me go ceart, Gaċ aiṫne ḋuit go fíor. 101 D’fill me mo ċos ó rian gaċ uilc, Le d’focal ċongḃáil ceart. 102 Nior ċlaon me fós ó d’ ḃreiṫeaṁnas, Oir muineaḋ mise leat. 103 Lem’ ḃlas cia millis ó mo Ḋia, Do ḃriaṫra ceart go léir? Is millse do mo ċarbad iad, Na mil air feaḋ mo ḃéil. 104 Tre d’aiṫeantiḃ ro ċeart a Ḋé, Deġ‐eagna ġeiḃ mo ċroiḋe; Sliġe ṁeangaċ ṁeaḃlaċ uimesin Is fuaṫ leam féin gaċ láoí. Nun. Nun. 105 Is lóċran t’focal féin dom ċois, A’s solus ḋam ċéim go beaċd. 106 Do ṁionnuiġ mé a’s ḋéan d’á réir, Go gcoiṁeadfain do reaċd. 107 Ḃi me a mbuaireaḋ iomarcaċ, O Ṫiġearna na ḃfeart; Do réir a nfocail laḃair tu, Aiṫḃeoġuiġ me léd’ neart. 108 Gaḃ go taitneaṁaċ (guiḋim ort), Ofráil mo ḃéil anois; A ḃeirim ḋuit go tolteanaċ, Sdiuir me a’d’ ḃreiṫeaṁnuis. 109 ’Ta m’anam boċt a’m’ laiṁ do ġnáṫ, Acṫ ċuiṁniġ me do reaċt. 110 Na peacaiġ do ċuir róṁam‐sa dul, Gíḋ’ níor ċlaonas ó d’ ċeart. 111 Do ṫeasdas fíor do ġaiḃ me féin, Mar oiġreaċt ḃuan go bráċ; Óir ḃeir siad ḋam ċroiḋe d’uḃaċ, trom, Suḃaċas mór do ġnáṫ. 112 D’fíll me mo ċroide a’s fós do ċum, Go ndéanfuiḋ liom gan ġó; Do reaċta cearta a ċur a ngníoṁ, O so amaċ go deó. Sameċ. Sameċ. 113 Is fuaṫ liom smuaintiġ dioṁaoineaċ; Dod’ ḋliġeaḋ ḃeir me gráḋ. 114 ’S tu m’ionad foluiġṫe a’s mo sgiaṫ: Ḃi mo ḋóiġ a d’focal tráṫ. 115 O siḃse a ċleaċt ḃeiṫ ’déanaṁ úilc, Imṫiġe uamsa anois; Óir aiṫeanta mo Ṫi’arna Dia, Le graḋ coiṁeadfa mis? 116 Reir d’focuil déan mo ċongḃál suas, A ċum go mairfinn beó; ’S na leig fuiḋ naire me fá ċúis, Mo ḋóċuis féin gaċ ló. 117 Congḃuiġ me suas, a’s biaiḋ me saor; Le dúil do ġnáṫ a’d’ reaċt. 118 An ṁéid ó’d’ ḋlíġe air seaċrán ċuaiġ, Do ṡaltrais sios le smaċt. 119 Óir is neaṁḟíríne a ngaingid fós, A’s teilgfior iad amaċ, Mar ṡal a ḃfuil do ṗeacaiġ truaġ, Air a núir fa seaċ. 120 D’á ḃríġ sin ṫ’ḟiaḋnuisiḋ gráḋaim, Sléd’ uaṁan ċrioṫnuiġ m’feoil; A’s do ḃreiṫeaṁnus’ ta do ġnáṫ, An eagla ṁór dam’ ṡeól. Nain. Nain. 121 Rinn me breiṫeaṁnus agus ceart, Na fág fuiḋ ḟóirneart me. 122 Dod’ óglaċ féin bi dilios maiṫ, Na cláoiḋeaḋ me na daoiḋ. 123 A ndiaiġ do ṡláinte carṫanuiġ, Mo ṡúile dorċa tá; Is air do ḃréiṫir dilios fós, Táim ag feiṫioṁ do ġnáṫ. 124 Dean dod’ ḟeiḋmeanaċ réir do ġrás, Do reaċta teagasg ḋo. 125 D’óglaċ is me, t’uir tuicse ḋaṁ, Ċum go m’eól dom do ġuṫ. 126 Is miṫid duit gnioṁ, a ṫaisbeanaḋ, A Ḋe Iehoḃa ṫréin; Arson gur sgaoileaḋ ’sgur ḃriseadar, D’aiṫeanta naoṁṫa féin. 127 Air an aḋḃarsoin is annsa liom, Ṫ’aiṫeanta ta ro ċóir; Na ór mór‐luaiġ ḃí’s glan a ngné, Air na ċur suas a stór. 128 Measuim d’aiṫeanta, uime sin, Ḃeiṫ ceart, san uile níḋ; Aċt fuaṫ a’s searḃus do mo ċroiḋe, Luċt ceilge na gcaim‐slíġ. Pe. Pe. 129 Ta d’focal agus d’fiaḋnuiseaḋ, A Ḋé ro‐iongantaċ; Is uime sin ġniḋ m’anam boċt, A gcóiṁéad go cúramaċ. 130 Ḃeir dul a steaċ do ḃrheiṫre maiṫ, Solus ro lonnraċ glé; Do ḋáoiniḃ simplíḋe aineólaċ, Do ḃeir se eólus réiġ. 131 Go fairsing d’fosguil me mo ḃéul, ’S d’osnuiġios féin go mór; Fá ṁeud mo ḋúil dod’ aiṫeantuiḃ, Bí’m duḃ‐ċroiḋeaċ go leór. 132 Seall a’s aṁairc or’m a ḋia! Le’r b’ionṁúin d’ainm ro naoṁ; Mar rinneaḋ leat a ġnáṫ don dream, Deun tróċaire orm go caoṁ. 133 Na leig d’urċóid riaġail ó’s mo ċionn, A’d’ ḃréiṫir daingníġ mo ċéim. 134 O ṡárúġaḋ daoine sáor‐sa me, ’S coiṁéadfad t’aiṫeanta féin. 135 Dealrúiġ’ ṫ’aġaiḋ air ṫ’ogláċ féin, A’s teagaisg ḋam do ḋliġe. 136 Do ḃríġ náċ gcóiṁéadaid do reaċt, Bí’d mo ruisg ’riṫ gan sgíṫ. Tsaddi. Tsaddi. 137 Is fíréunta ṫu‐féin a Ḋé, A’s do ḃreiṫeaṁnuis ta ceart. 138 Ṫ’fiaḋnuiseaḋ d’aiṫin tu do’n tsáoġal, Ta ro náoṁṫa go beaċt. 139 Mo ṫeasġráḋ do ġearr me amaċ, Gan truaḋ aco a’m’ ḋáil; ’Ḃríġ mo naiṁde gur ḋearmuid siad, D’focail náoṁṫa ’sa gcáil. 140 ’S ro ḟíorġlan, d’focal uime sin, Is ionmun le d’oglaċ e. 141 Taim suaraċ beag, giḋeaḋ do reaċd, As cuiṁne ní leig me. 142 Is fíréuntaċt siór d’fíréuntaċt‐sa Ta marṫanaċ buan go ḃráṫ; Is aṁla soin do ḋlíġe ro ċeart, A nfírinn ġloin a tá. 143 Anacar agus goiṁ ro ġéar, Do ṫarlaiġ orm go teinn; Giḋeaḋ ṫ’aiṫeanta‐sa ta ro ġlann, Siad m’áoiḃneas go deṁin. 144 Fíréuntaċt ṫ’fiaḋnuisiḋe a Ḋé, Ta siórruiḋe buan go deó; Tuigse síor fos taḃair se ḋam, A’s go buan ḃeiḋ me beó. Coṗ. Coṗ. 145 Éiġim lém’ uile ċroiḋe; a Ḋé, Éist, ’s coiṁéadfad do reaċt. 146 Ċúġadsa éiġim, tarṫaiġ me, ’S coiṁéadfad ṫ’fíne beaċd. 147 Ṁoiċ‐éirġe me air dteaċd an laé, A’s d’éiġios ort a Ḋé; Óir ḃi mo ḋóċus muinġíneaċ, An d’focal ḋaingion ġlé. 148 Mo ṡuíle ḃi gan suan, a dtráṫ, Na hoiḋċe ḃí ro ḟad; Ċum smuainiúġaḋ an do ḃréiṫir féin, A’s coṁnuiġe ann gan stad. 149 Do réir do ċomann ṫrócaireaċ, Éist re mo ġuṫ anois; ’Réir do ḃreiṫeaṁnuis éifeáċtaċ, Iehoḃa beóṫuiġ mis. 150 Luċt ḋeanta uilc, ta teannaḋ orm, Ata siad’ ḃfad ó d’ reaċt. 151 Ta tú aḃfogus’ Ṫi’arna Dia, Ta d’aiṫeanta fíor ’s ceart. 152 Dtáoḃ ṫ’fiaḋnuisiḋe taid fiosaċ dam, Ó ṫosaċ iad go léir; Go ndearnaḋ leat a socarúġ’, Do ċum ḃeiṫ buan don réir. Reṡ. Reṡ. 153 Aṁarc a’s dearc air m’aṁgar géur, A’s fuasguil orm a m’féiḋm; Fán aḋḃarsa nár ḋearmuid me, An dlíġeaḋ a rinn tu féin. 154 Tagair mo ċúis a’s fuasguil orm; ’Réir d’focuil déan me beó. 155 Is fada slánúġ’ ón gcoirpe, Do reaċt ni iarṫar leo. 156 ’S ro líonṁar mor do ṫrócaire ċaoiṁ, A Ṫiġearna ’s a Ḋé; ’Réir do ḃreiṫeaṁnuis roi‐ċeart, Déan beo bíogaṁuil mé. 157 Is lionṁar mo naiṁde orm san toír, A’s m’eascairde maraon; Giḋeaḋ ó d’ ḟiaḋuin ḟírinneaċ, Níor leanas seaċran claon. 158 Ċunnairc me cionntuiġ do ċráḋaiġ mé, D’focal a briseaḋ léo. 159 Féuċ, mar is ionṁuin leam do reaċt, A’d’ ċumann dean me beó. 160 A Ṫiġearna ta d’focal féin, O ṫúis buan daingion fior; Ta do ḃreiṫeaṁnúis air fad, Ceart a’s suṫuin síor. Ṡin. Ṡin. 161 Ḃi flaṫa laidir orm san tóir, Gan aḋḃar na cionfáḋ; Aċt air mo ċroiḋe ḃi eagla ṁór, Roiṁ d’focal féin do ġnáṫ. 162 Ta aoiḃneas orm re d’focal maiṫ, Mar neaċ ġeiḃ eadail ṁóir. 163 ’S gráineaṁuil leam a’s fuaiṫi’m bréug, Mo ṡearc an reaċt is cóir. 164 A taim taḃairt mór‐ṁolta ḋuit, Seaċd nuaire gaċ áon lá; Air son do ḃreiṫeaṁnuis go léir, Ta ceart, a Ḋé go bráṫ. 165 ’S mór síoṫċáin daoine ṫug a searc, Dod’ reaċt fírċeart a Ḋé; Oilḃéim ná olc ni ḃiaiḋ ’nna ngar, Na tuisleaḋ ann a ccéim. 166 A Ḋé mo ḋóiġ a’d’ ṡlánuġ’ ḃí, ’S ċoiṁéadas ṫ’aiṫeanta cóir; 167 M’anam ċoiṁéad ṫ’fiaḋnuiseaḋ, A’s ġráḋ’ mé iad go mór. 168 Ṫ’fiaḋnuiseaḋa a’s ṫ’aiṫeanta, Do ċoiṁéad me do ġnáṫ; Óir táid mo ṡliġṫe féin go léir, A’d’ láiṫirsi gaċ lá. Tau. Tau. 169 Tigeaḋ mo ġlaoiḋ a ḃfogus duit, A’d’ t’fiaḋnuise féin a Ḋé; A’s fós’ réir d’focail ḟirrinniḋ, Dean eolgaċ tuigseaċ mé. 170 A’d’ láṫair tigeaḋ m’aṫċoinniḋé, ’Réir d’focuiil ormsa foír. 171 Tráṫ múintear leat do reaċta ḋaṁ, Laḃruiġ mo ḃéul do ġlóir. 172 Laḃoruiġ mo ṫeanga air d’focal ḟíor, D’aċta is fírin iad. 173 Do láṁa‐sa cuidiġeaḋ leam, Óir ġráḋuiġ me iad ariaṁ. 174 Aig feiṫeaṁ air do ṡláinte, Ḋé, Bí’m féin go tuirseaċ trom; A’s mar an ccéadna ḃi do reaċt, Tlaċtṁar searcaṁuil liom. 175 Bioḋ m’anam beo, a’s molfaiḋ se, Go hárd le ceol do ġlóir; A’s déanaḋ do ċeart breiṫeaṁnuis, Deaġ‐ċongnaṁ ḋaṁ le fóir. 176 Do ḃi me féin air seaċarán, Mar ċáoiriġ cailte truaġ; Lorgair do ṡeirḃiseaċ, óir níor, Ḋearmaid me ṫ’aiṫne luaḋ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society