Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 118 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CXVIII Psalm.

1 O moluiḋe Dia, oir ṫa se maiṫ, Síor‐ṁairean trócaire Dé.

2 Abraḋ clann Israel anois, Gur buan a ġrás gaċ Re.

3 Tiġ Aároin abraḋ siad anois, Gur síorruiḋe trócáre Dé:

4 Abraḋ an druing d’ar eagal Dia, Gur buan a ġrás gaċ re.

5 A’m’ anacar ġoir me an Tríaṫ, A’s ḟreagair sesion mé; An ionad ḟairsing agus réiḋ, Ṡocruiġ se me go seiṁ.

6 An Tiġearna air mo ṡonsa ta, Ni heagal liom go bráṫ; Einniḋ ḟéadas duine anḃfann, A ḋéanaṁ riom áon tráṫ.

7 ’Measg luċt mo ċuidiġ ata Dia, Ag seasaṁ liom le neart; Air luċt mo ṁiorúin uime sin, Ċi’m mo ṡásaṁ a teaċt,

8 ’S fearr dóċas ċur a nDia na ngrás, Na ’nduine beo fán ngréin:

9 Is fearr Dia ġaḃáil mar ċultaiċ, Na prionsuiḋe móra tréun.

10 Do ċuartuiġ umam air gaċ láiṁ, Na cineaḋa ’sa tóir; Aċt sgaiṫfead agus sgriosfead iad, A nainm Iehoḃa ṁóir.

11 Ċuairtiġeadar me air gaċ táoḃ, Ṫáiniġ siad a’m’ ṫíomċioll fós; Aċt a nainm an Tiġearna ṁóir, Gearrfad diom iad gan sóḋ’s.

12 Mar ḃeaċaiḃ ċuártíġeadar me, Air na múċaḋ taid as; Mar ṫeine ḋroiġean go ro ġearr, ’Nainm Dé beid gearrṫa ’maċ.

13 Dom’ leagaḋ, ṫeann tu orm go dlúṫ, Aċt ċuidiġ liomsa Dia.

14 ’S e Dia mo ċáintic, a’s mo neart, ’S e’s slánúġ’ ḋaṁ an Triaṫ.

15 Glóir luaṫġaire a’s sláinte ta, A bpailiuiniḃ na sáoiḋ; Agus deaslaṁ Iehoḃa ṫréin, Go cróḋa teann, gan ċláoiḋ.

16 Ta tréun‐laiṁ deas an Tiġearna, Ag arduġaḋ go mór; Do rinneaḋ bearta ionganta, Le deas‐laiṁ Dé na nglóir.

17 Ni ḃfuiġiod bas aċ márfead beo, A’s foillséo’d fearta Dé.

18 Trom smaċtuiġ Dia me, aċ go bas, Níor ṫoirḃir an Triaṫ me.

19 Ó foscail daṁ go fársing reiḋ, Geatuiḋe na hionracuis; Raċfaḋ me a steaċ ionta súd, Ag molaḋ Dé gan ċeas.

20 ’Se so geata Dé ’na raċaid a steaċ, Na daoine cóire cáoṁ.

21 Síor‐ṁolfad ṫu, oir ċluin tu me, Is tu mo ṡláinte séiṁ.

22 An ċloċ do ḋíultadar na sáoir. Cloċ‐ċinn an ċúinne í.

23 Se fearta Dé, ro iongantaċ, ’Nár súiliḃne an gnioṁ.

24 Se so an la a d’órduiġ Dia. Bíom luaṫġáireaċ a’s ait.

25 Guiḋim anois, guiḋim ort a Ḋé, Soirḃiġ ’s tarṫiġ sinn leat.

26 Beannuiḋe an néaċ do ṫig mar‐so, A nainm an Tiġ’arna ṁóir; Beannuiġmíd ó ṫiġ na ngrás, Mar a ḃfuil Dia a nglóir.

27 ’S e Dia Iehóḃah ṫug solus dúinn, Ceanglaiġ le córduiḃ cruaiġ; Do ċorruiḃ na haltóra náoṁ’, An ioḋbairt ḃeir siḃ uaiḃ.

28 Is tu mo Ḋia síor‐ṁolfad ṫu, Fíor‐ardóċad mo Ḋia.

29 Moluiḋ an Ti’arna, óir ta se maiṫ. Síor‐ṁairean grás an Triaṫ.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ