Psailm 110 - Psalma Ḋaiḃí 1836CX Psalm. 1 Duḃairt an Ti’arna re mo Ṫriaṫ, Suiġ‐si air mo laiṁ ḋeis; Go ndearna me ṫ’eascairde air fad, Na stól faoi ḃonn do ċos. 2 As Sion cuirfiġ Dia amaċ, Slat ċóṁaċtaċ do neirt; ’S a meaḋoin ṫ’eascáirde go léir, Riaġail‐se iad go ceart. 3 Biaiḋ fós do ṗobal toġṫa féin, Ro ḟonnṁar mar is cóir; San lá sin ’na ḃfoillseóċaḋ tu, Do ċóṁaċt féin go mór. A sgéim aluinn do náoṁṫaċt grinn, O ḃroinn na maiḋne moċ; Mar ḋruċt a silt anuas o neaṁ, Ta ṫ’oige iomarcaċ. 4 Do ṁionnuiġ Dia Iehoḃah mór, ’S nior aiṫreaċ leis mar rinn; Do réir ḋeaġ‐úird Ṁelċisedec, Gur sagart tu gaċ linn. 5 An Tiġearna ta air do ḋeis, Trom‐ḃuailtear leis go gairg; Na Riġṫe laidre cuṁaċtaċ, San ló na lasfus ḟeirg. 6 Measg na gcineaḋaċ ḃeir se breiṫ, Líonfuiḋ gaċ áit go fíor; Le corpaiḃ marḃa ’s loitear leis, Na huaċdaráin air Ṫíor. 7 A’s annsa tslíġe ólfuiġ se, Deoċ as na sruṫaiḃ luaṫ; A’s air an aḋḃarsoin fa ḋeóiġ, Tógfuiġ se ċeann le buaḋ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society