Psailm 106 - Psalma Ḋaiḃí 1836CVI Psalm. 1 O tugaiġ molaḋ mór do Ḋia, A’s buiḋeaċus maráon; Oir ṫá se maiṫ, ’s mairfiġ go ḃráṫ, A ṫrócair ġrás‐ṁór ċáoin. 2 Fearta treana Iehoḃah ṁóir, Cia ḟeadas iad a luaḋ; Cia ḟéadas fós a ċlúḋ ro árd, D’foillsiúġ amaċ don tsluaġ. 3 Is beannuiġṫe an drong úd go fíor, Ċoiṁéadas breiṫeaṁnus; A’s an te do ġní an ’sgaċ am, Ceart agus ionracus. 4 ’Ḋia cuiṁniġ ormsa leis an ġráḋ, Ṫug tu dod’ ṗobal féin; O tair led’ ṡlánuiġ’ ṡolásaċ, Dom’ ḟiosruġaḋ a’m’ ḟéiḋm. 5 Go ḃfeicfin maiṫ do ḋáoine ċóir, ’S go ndéanfuin luaṫġáir ṁór; Na náoiḃneas súd ’s led’ oiġreaċt féin, Go ndéanfuin uaill a’s glóir. 6 Do ṗeacaiġ sin lé’r sinsearaiḃ, A’s fós do rinneaḋ linn; Mór ċionta ’d’aġaiḋ féin, a ḋé, Go coirpe do rin sinn. 7 Ár sínsearra ni ṫug fa ndear, Do ḃearta tréan a gceart; Rinneaḋ leat san Éigipt ṁóir, Go cuṁaċtaċ le neart. A’s líonṁuireaċt do ṫrócaire ċáoṁ, Ḋearmadar súd go truaġ; Aċt ag an ṁuir do ċeanairgeadar, Le hais na mara Ruaḋ. 8 Aċt ṡaor se go grásaṁuil iad, Mar ġeall air ’ainm féin; Do ċum go noċtaḋ sé mar sin, A ċoṁaċṫa ro ṫréun. 9 Do laḃair se go bríoġṁar teann, Lé’r ṫíormuiġ an ṁuir ruaḋ; ’S do stiuir se iad san duiḃeagán, Mar ṫríd an ḃfásaċ ċruaiḋe. 10 O láiṁ na muintire ṫug ḋóiḃ fuaṫ, D’fuasgail se ’ṗobal féin; ’S ó láiṁ a naiṁde mío‐rúnaċ, Do ṡáor se iad go tréun. 11 D’folluiġ an tuisge a neascáirde, ’S níor fágḃaḋ aon dioḃ beó; 12 Ansoin do ċreideadar á ḃriaṫra, ’S a ṁolaḋ ’ċánaḋ leó. 13 Air dearmad leigeaḋ leó go cas. A ġníoṁarṫa ro ṫréun; ’S níor ḟuiríġ siad go foiġeadaċ, Ré’n’ ċóṁairl’ eagnuiḋe féin. 14 ’S an dioṫraṁ ġlacadar anṁian, A’s do ḃuai’r siad Dia go luaṫ; 15 A niarratas do ṫug se ḋóiḃ, Aċt ċruaiḋ se ’gcroiḋṫe truaġ. 16 ’S an gcampa ṫnúṫuiġeadar go mór, Le Maois an duine caoṁ; A’s le hAáron aon naoṁṫa Dé, Do ṫoġ’ mar ṡagart naoṁ. 17 An talaṁ d’fosguil fos a ḃéul, A’s ṡluig si Dáṫan síos; A’s cóiṁṫionol Abíraim ċruaiġ, Nar aontuiġ do ġuṫ Ṁaois. 18 A’s fós air measg a gcóṁḋáil‐sion, Do las an teine ṫéiṫ; A’s do loisg an lasair suas go léir, Na cionntuiḋ úd fá leiṫ. 19 Do rinneadar go tapuiġ laoġ, Go baoṫ ann Hóreb árd; ’S don ioṁáiġ leaġta rinneaḋ leó, Do aḋradar gan ċáird. 20 Mar sin do ċlaoċladar go boċt, A nglóir ’s a sóḋ go léir; Go cosaṁlaċt a’s ioṁaiġ bó, No daiṁ do iosaḋ féur. 21 An Dia a slánuiġṫeóir gaċ am ’Ḋearmadadar go grad; Noċ do rin san Eigipt ’na gcráḋ, Neiṫe móra gan stad. 22 A’s fearta móra iongantaċ, A ndúṫaiġ Ham le buaḋ; A’s neiṫe mór ro‐uaṫḃasaċ, Ag cois na Mara Ruaḋ. 23 Air an aḋḃairsin do laḃair se, Dá milleaḋ sios le táir; Muna mbeiṫ gur ṡeas Maois a roġ’, ’O’s a ċoine ansa nár: Ċum go ndéanfuiḋ a ċorruiḋ ṁór, D’filleaḋ uaṫa air ais; D’eagla go sgriosfaḋ se air fad, ’Na ḟeirge iad do las. 24 An talaṁ aoiḃin ṫarcuisniġ siad, ’S níor ċreid siad focal Dé; 25 ’Na bpailliúnuiḃ rinn ioṫamráḋ, ’S níor ġéill ḋá ḃriaṫra glé. 26 An sin na naġaiḋ ṫóg se láṁ, D’á sgrios san ḃfasaċ lom; 27 Do sgrios a slioċt ’méasg na gcine’aċ, ’S d’á spréaġaḋ air gaċ fonn. 28 Le Báal‐peor do ċeangladar, Mar an‐gcéadn’ go dlúṫ; A’s d’iṫeadar do ioḋbairṫiḃ, Na nioḋal marḃ nár ḃfiú. 29 Do ḃrostuiġeadar ċum feirge é, Le na ngnioṁaiḃ féin go truaġ; A’s ḃris an easláínte go mór, A stéaċ air measg an tsluaġ. 30 Ṡeas Ṗinehas a’s rin sé’n ceart. San ṗláiġ do ċoisg d’á gcláoiḋ; 31 Súd measaḋ ḋo mar ḟíréuntaċt, O ḋín go dín gan sgíṫ. 32 Ag uisgeaḋuiḃ an ċríoncáin fós, ’Ḃrosdúiġ siad Dia a rís; A’s do ḃríġ an ṗobuil easúṁail, D’éiriġ mor‐olc do Ṁaoís. 33 Oir rinneaḋ leo a spiorad‐san, Do ḃrostúġaḋ go géur; Ionnas gur laḃair se an sin, Diṫcéilliġe mar is léir. 34 Níor ṁilliodar na cineaḋċa, Mar ḋ’aiṫin Iehoḃah ḋóiḃ. 35 Aċt ċumaisgeadair air a measg, A’s d’foġluim siad a ndóiġ. 36 D’ioḋalaiḃ na gcineaḋaċa, D’aḋradar súd go baoṫ; Ḃi súd mar ṗainteir ḋóiḃ san am, Le’r gaḃaiġ iad gan réiḋ. 37 Aċt tuilleaṁ fós do rinneadar, A mic ’s a ningiona féin; Ṫaḃairt suas mar ioḋbarṫa Do ḋeaṁnuiḃ mar an gcéadn’. 38 A’s fuil neiṁċiontaċ go léor, Do ḋoirteaḋ leó gan sgáṫ; Fuil á mac ’s a ninġiona féin, Do ḋoirt siad gan ċionfá: Do ḋiaḃluiḃ na Canáain fós, Mar ioḋbairt ṫug a slioċt; Mar sin do ṫruailleaḋ leo an tír, Le fuil gan truaḋ ’s gan ioċt; 39 Is aṁluiġ sin le na noibreaċaiḃ, Do ṫruailleadar iad féin; Ċuaiġ siad air méirdreaċas, o Ḋia, Le na nanntoil gaċ aon. 40 Air‐an aḋḃar‐soin ġlac fearg Dia, Ċum a ḋaoiniḃ go teiṫ; Ionnus gur ḟuaiṫiġ se go mór, A oiġreaċt féin fa leiṫ. 41 Agus do ṫug se iadsan suas, A láiṁ na gcineadaċ táir; A’s mar uaċdaráin ó’s a gcionn, Ḃi siad dá dtaḃárt faoi náir. 42 Fá ṁúrsantaċt a’s éigion ṁór, ’Naiṁde ċuir iad go luaiṫ; A’s do leagaḋ iad go hiosal síos, Faoi ’na láiṁ sin go cruaiḋ. 43 Go minic ṫug se saoraḋ ḋóiḃ, Aċt ḃrostuiġ siad é ’rís; Le na gcóṁárliḃ, ’s leagaḋ iad, Air son a gcionta síos. 44 Aċt ṫug se ’n aṁgar mór fá ndear, Tráṫ heisdeaḋ leis a nglaoiḋ; 45 A’s doiḃsin fós do ċuiṁniġ se, A ċonnraḋ ḃí gan traoiġ: A gaḃail aiṫreaċais do réir, Ṁóir‐líonṁuireaċt a ġrás; 46 A’s ṫug se air luċt an leaṫ‐troim, Truaġ ḃeiṫ ḋóiḃ gan spás. 47 Ṫusa Iehoḃah ṁóir ar nDia, Dean saoraḋ ḋuin a ḃféiḋm; A’s dean a measg na gcineaḋ’ċa, Ar gcruiniuġ leat ó’n ġreim: Ċum buiḋeaċais go hiomad’úil, Dod’ ainmse ’ṫaḃuirt gaċ ló; Agus do ċaiṫreimiuġaḋ go mór, Ann do ṁolaḋ go deó. 48 Go maḋ beannuiġṫe an Triaṫ, Dia Isráel, O ċian na gcian go bráṫ; Abraiḋ an sluaġ go léir, Amen, Molaiḋ‐sé Dia do ġnáṫ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society