Psailm 99 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 99. Dominus regnavit. 1 Is é an Tiarna is Rí ann, dá méid í míḟoiġne na ndaoine: suíonn sé idir na cearúibím, is cuma ċoṁ corraċ ʼsa ḃíos an doṁan. 2 Is mór an Tiarna i Síón: is ard é os cionn na ndaoine uile. 3 Taḃarfaiḋ siad buíoċas le dʼAinm, atá mór, iontaċ: óir is naofa é. 4 Bíonn cion ar an gceart ag Rí na gcuṁaċt; ċum tú coṫroime: ċuir tú an breiṫiúnas agus an ḟíréantaċt i ḃfeiḋm in Iácób. 5 Móraigí an Tiarna ár nDia, agus ísligí siḃ féin faoi stól a ċos: óir is naofa é. 6 Ḃí Maois agus Árón i measc a ṡagart, agus ḃí Samúel ar an dream a ġlaoḋ ar a ainm: ġlaodar san ar an Tiarna, agus ċuala sé iad. 7 Laḃair sé leo amaċ as an gcolúin néaltaċ: óir ċoinníodar a ḟianaisí, agus an dlí a ṫug sé dóiḃ. 8 Ċuala tú iad, a Ṫiarna ár nDia: is maiteaċ a ḃí tú leo, a Ḋia, aċ gur ċuir tú pionós orṫu ar son a ndoḃeart féin. 9 Móraigí an Tiarna ár nDia, agus aḋraigí é ar an gcnoc naofa: óir is naofa é an Tiarna ár nDia. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland