Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 98 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 98. Cantate Domino.

1 Canaigí don Tiarna aṁrán úrnua: ós é a rinne na fearta,

2 Rug sé an bua dó féin: lena láiṁ ḋeas agus lena ġéag naofa.

3 Dʼḟógair an Tiarna a ṡlánú: dʼḟoilsiġ sé a ḟíréantaċt faoi ṡúile na bpágánaċ.

4 Ba ċuiṁin leis a ṫrócaire agus a ḟírinne do ṫeaġlaċ Iosrael: níl cúinne den doṁan naċ ḃfuil slánú ár nDé feicṫe aige.

5 Taispeánaigí ḃur n‑áṫas don Tiarna, a ṫíorṫa uile: canaigí agus bígí áṫasaċ agus tugaigí buíoċas.

6 Molaigí an Tiarna leis an gcláirseaċ: canaigí leis an gcláirseaċ salm buíoċais.

7 Le stoic agus le galltrompaí: taispeánaigí ḃur n‑áṫas roiṁ an Tiarna, an Rí.

8 Déanaḋ an ṁuir agus a ḃfuil inti tormán: an ċruinne agus a n‑áitíonn inti.

9 Buaileaḋ na haiḃneaċa a mbosa, agus bíoḋ áṫas ar na cnoic le ċéile roiṁ an Tiarna: ó ṫáinig sé le breiṫiúnas a ṫaḃairt ar an doṁan.

10 Taḃarfaiḋ sé breiṫ ḟíréanta ar an doṁan: agus breiṫ ċoṫrom ar na daoine.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ