Psailm 97 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 97. Dominus regnavit. 1 Is é an Tiarna is Rí, cuireaḋ sin lúċáir ar an talaṁ: cuireaḋ sé go deiṁin lúċáir ar na hoileáin dá méid. 2 Bíonn néalta agus dorċadas ina ṫimpeall: is ar an ḃfíréantaċt agus ar an gceart a ṡuítear a ċaṫaoir. 3 Beiḋ tine ag imeaċt roiṁe: agus ag loscaḋ a naiṁde ar gaċ taoḃ. 4 Ḋealraiġ a ṡoilse ar fuaid an tsaoil: ċonaic an doṁan é, agus ḃí eagla air. 5 Ḃí na cnoic ag leá mar ċéir i láiṫreaċt Dé: i láiṫreaċt Tiarna an doṁain uile. 6 Tá a ḟíréantaċt foilsiṫe ag na neaṁa: agus tá a ġlóir feicṫe ag na daoine go léir. 7 Spréaḋ ar luċt aḋarṫa na n‑íoṁánna greanta uile, an dream a ċuireas dúil i ndéiṫe díoṁaoine: aḋraigí é, a ḋéiṫe uile. 8 Ċuala Síón faoi, agus ḃí áṫas uirṫi, agus ḃí lúċáir ar iníonaċa lúda: de ḃrí do ḃreiṫiúnas, a Ṫiarna. 9 Óir is tú, a Ṫiarna, is airde ná a ḃfuil ar an talaṁ: is airde i ḃfad tú ná na déiṫe go léir. 10 A luċt gráite Dé, ná teipeaḋ fuaṫ a ḃeiṫ agaiḃ don olc: cuṁdaíonn an Tiarna anamaċa a naoṁ; fuasclóiḋ sé as láiṁ luċt an oilc iad. 11 Noċt solas le haġaiḋ na ḃfíréan: agus lúċáir lán‑áṫasaċ do ḋrong an ċroí ḟír. 12 Go mba é an Tiarna ḃur n‑áḃar áṫais, a ḟíréana: agus tugaigí buíoċas lena naofaċt a ċur i gcuiṁne. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland