Psailm 96 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 96. Cantate Domino. 1 Canaigí don Tiarna aṁrán úrnua: canaigí don Tiarna, a ḋoṁain uile. 2 Canaigí don Tiarna, agus molaigí a Ainm: bígí ag insint a ṡlánaiṫe ó lá go lá. 3 Noċtaigí a onóir do na págánaiġ: agus a iontais do na daoine go léir. 4 Óir tá an Tiarna ċoṁ mór sin naċ féidir a ṁolaḋ mar is cóir: is mó ineaglaiṫe é ná a ḃfuil de ḋéiṫe ann. 5 Níl i ndéiṫe uile na bpágánaċ aċ láṁḋéiṫe: aċ is é an Tiarna a rinne na neaṁa. 6 Bíonn an ġlóir agus an gradam os a ċoinne: bíonn an ċuṁaċt agus an onóir ina ṡanctóir. 7 Luaigí leis an Tiarna, a aicmí na ndaoine: luaigí leis an Tiarna gradam agus cuṁaċt. 8 Tugaigí don Tiarna an onóir is dual dá Ainm: tugaigí taḃartais liḃ agus tagaigí isteaċ ina ċúirteanna. 9 Aḋraigí an Tiarna go hálainn naofa: bíoḋ a uaṁan ar an doṁan uile. 10 Insígí i measc na bpágánaċ gurb é an Tiarna is Rí ann: agus gurb é a ḋaingniġ an ċruinne go naċ féidir a corraí; agus conas a ṫaḃarfaiḋ sé breiṫiúnas fíréanta ar na daoine. 11 Bíoḋ lúċáir ar na neaṁa, agus áṫas ar an talaṁ: tógaḋ an ṁuir agus a ḃfuil inti gáir. 12 Bíoḋ lúċáir ar an maċaire agus a ḃfuil air: beiḋ átas ar ċrainn uile na coille roiṁ an Tiarna. 13 Óir tá sé ag teaċt, ag teaċt le breiṫiúnas a ṫaḃairt ar an talaṁ: le breiṫiúnas fíréanta a ṫaḃairt ar an doṁan, agus breiṫiúnas fírinneaċ a ṫaḃairt ar na daoine. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland