Psailm 95 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 95. Venite, exultemus. 1 Téanam go gcanaimid don Tiarna: go líona cuṁaċt ár slánaiṫe ár gcroí dʼáṫas. 2 Tagaimis ina láṫair le haltú: taispeánaḋ ár sailm ár lúċáir roiṁe. 3 Óir is Dia mór an Tiarna: agus is Rí mór os cionn na ndéiṫe go léir é. 4 Is ina láiṁ atá cuasa uile an talaiṁ: agus is leis mar an gcéanna cuṁaċt na gcnoc. 5 Is leis an ṁuir, agus is é a rinne í: is iad a láṁa a ḋealḃaiġ an talaṁ. 6 Téanam go n‑aḋraimid agus go n‑uṁlaímid: agus go ḃfeacaimid glún roiṁ an Tiarna a ċruṫaiġ sinn. 7 Óir is é an Tiarna é, ár nDia féin: agus is é atá ionainn, pobal a ṗáirce, agus caoiriġ a láiṁe. 8 Más inniu a éistfeas siḃ lena ġlór, ná cruaigí ḃur gcroí: mar ṫarla in am fadaiṫe na feirge, agus an lá a cuireaḋ an caṫú air san ḟásaċ. 9 Nuair a ċuir ḃur sinsear caṫú orm: nuair a ḋearḃaíodar mé aʼs a ċonaiceadar mʼḟearta. 10 Is ar feaḋ daiċead bliain ḃí mé do mo ċrá ag an nglúin seo: go dtí go ndúirt mé: Is ag an bpobal seo atá an croí claon, ó naċ eol dóiḃ mo ṡlite. 11 Gur ṁionnaiġ mé dóiḃ im ḟearg: naċ ligfí iad isteaċ i mo ṡuaiṁneas‑sa. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland