Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 94 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 94. Deus ultionum.

1 A Ṫiarna Dia, ós fút a ḟágtar an díoltas: a Ḋia, a ḃfágtar an díoltas fút, bí do do ṫaispeáint féin dúinn.

2 Éiriġ, a ḃreiṫiṁ an doṁain: agus taḃair a ḋíol cúitiṫe do ḋrong an díomais.

3 A Ṫiarna, ca ḟad a ḃeiḋ luċt an droċ‑ċroí: ca ḟad a ḃeiḋ luċt an droċ‑ċroí ag maíoṁ a mbua;

4 Ca ḟad a ḃeiḋ an ċaint ḋíṁeasúil seo ag luċt uile na míġníoṁarṫa: agus a ḋéanfaiḋ siad mórtas uaiḃreaċ?

5 Tugann siad do ṗobal anuas, a Ṫiarna: agus buaireann siad dʼoiḋreaċt.

6 Dúnṁaraíonn siad an ḃaintreaċ agus an coiṁṫíoċ: agus cuireann siad an dílleaċta ċun báis.

7 Agus ina ḋiaiḋ sin deir siad, Seo, seo, ní ḟeicfiḋ an Tiarna é: ná ní ṫaḃarfaiḋ Dia Iácóib é dá aire.

8 Tugaigí aire, a ḃfuil gann i gciall i measc na ndaoine: a amadáin, ca huair a dtuigfiḋ siḃ?

9 An té a ċuir cluasa ort, naċ gcluinfiḋ sé: nó an té a ċum an tsúil, naċ ḃfeicfiḋ sé?

10 Nó an té a smaċtaíos na págánaiġ: ós é a ṁúineas eolas don duine, naċ mbeiḋ sé ag aifirt?

11 Is fiosaċ don Tiarna smaointe an duine: naċ mbíonn iontu aċ díoṁaointeas.

12 Is aoiḃinn don duine a gcuireann tú smaċt air, a Ṫiarna: agus a ḟaiġeann teagasc uait i dtaoḃ do ḋlí;

13 Go dtuga tú foiġne dó in am an ḃuarṫa: go dtí go dtoċailtear an poll le aġaiḋ an droċḋuine.

14 Óir ní ċlisfiḋ an Tiarna ar a ṗobal: ná ní ṫréigfiḋ sé a oiḋreaċt féin.

15 Óir ġeoḃaiḋ an ḟíréantaċt a ceart arís go fóill: agus beiḋ luċt uile an ċroí ḟír ar a luċt leanúna.

16 Cé a éireos amaċ liom in aġaiḋ luċt an oilc: cé a ḃeas ar mo ṫaoḃ in éadan luċt na míġníoṁarṫa?

17 Murab é gur ċuidiġ an Tiarna liom: níl aṁras ná go gcuirfí mʼanam ina ṫost.

18 Aċ nuair a dúirt mé, Tá mo ċos ag imeaċt as fúm: ḃí do ṫrócaire, a Ṫiarna, ag cur taca liom.

19 Dá ṁéid é an brón a ḃí ar mo ċroí: ḃí do ṡóláis ag neartú lem anam.

20 An nglacfaiḋ tú páirt le caṫaoir na claonḃreiṫe: a mbíonn an urċóid á cumaḋ aige de réir an dlí?

21 Bíonn siad ag slógaḋ in aġaiḋ anama anḟíréin: agus ag daoraḋ na fola neaṁċiontaí.

22 Aċ is é an Tiarna mo ḋídean: is é mo Ḋia neart mo ḋóċais.

23 Cúiteoiḋ sé a n‑urċóid leo, agus scriosfaiḋ sé lena n‑olc féin iad; is deiṁin go scriosfaiḋ ár dTiarna Dia iad.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ