Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 93 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 93. Dominus regnavit.

1 Is é an Tiarna is Rí, ċuir sé air éadaí na glóire: ċuir an Tiarna air a éadaí, agus ċrioslaiġ sé é féin le cuṁaċt.

2 Ḋaingniġ sé suí na cruinne: go naċ féidir a corraí.

3 Ó ṫús an doṁain tá do ċaṫaoir ullṁaiṫe: is ón síoraíoċt atá tú ann.

4 Dʼéiriġ na tuilte, a Ṫiarna, dʼardaiġ na tuilte a nglór: ardaíonn na tuilte a dtonnta.

5 Dá ṫréine iad tonnta na farraige, agus dá uafásaí a mire: is tréine ná iad an Tiarna, a ḃíos ina ċónaí in Airde.

6 Níl ní is cinnte, a Ṫiarna, ná dʼḟianaisí: beiḋ an naofaċt go deo ag teaċt do do ṫeaċ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ