Psailm 92 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 92. Bonum est confiteri. 1 Is maiṫ an ní é buíoċas a ṫaḃairt leis an Tiarna: agus molaḋ dʼAinm a ṡeinm, a Ḋia is Airde. 2 Ḃeiṫ ag insint do ċarṫanaċta gráṁaire ar moċ maidine: agus dʼḟírin ne i dtráṫ na hoíċe; 3 Ar uirlis deiċ dtéad, agus ar an liúit: ar ġléas ardċeoil agus ar an gcláirseaċ. 4 Óir is tú, a Ṫiarna, a ċuir lúċáir orm led oibreaċa: agus is orm a ḃeiḋ an t‑áṫas ṫú a ṁolaḋ as gníoṁarṫa do láṁ. 5 A Ṫiarna, cad é ċoṁ glórṁar led oibreaċa: is doṁain as cuimse iad do smaointe. 6 Ní ṫugann duine díċéillí sin dá aire: ní mó a ṫuigeann amadán é. 7 Nuair a ḃíonn luċt an oilc ċoṁ húrġlas leis an ḃféar, agus nuair a ḃíonn luċt cleaċtaiṫe na hurċóide go léir faoi ḃláṫ: is ansin a ḃíos scrios síoraí i ndán dóiḃ. 8 Aċ is tú, a Ṫiarna: is tú go bráċ an Té is Airde. 9 Óir is é an scrios atá i ndán do do naiṁde, a Ṫiarna, is é atá i ndán do do naiṁde: agus tiocfaiḋ milleaḋ ar luċt cleaċtaiṫe na hurċóide. 10 Aċ ardófar mo ḃeannsa mar ḃeann aonaḋarcaiġ: ó hungaḋ mé le hola úr. 11 Feicfiḋ mo ṡúil fós a mian ar mo naiṁde: agus cluinfiḋ mo ċluas a roġa rud i dtaoḃ na ndroċḋaoine a éiríos im aġaiḋ. 12 Beiḋ fás na pailme faoi an ḃfíréan: agus leaṫnóiḋ sé mar ċéadras ar Ṡliaḃ Liaḃáin. 13 Na crainn a cuirtear i dteaċ an Tiarna: beiḋ raṫ orṫu i dteaċ ár nʼDé. 14 Méadóiḋ a dtoraḋ ag dul in aois dóiḃ: agus is iad a ḃeas téagraċ folláin. 15 Go dtaispeánfaiḋ siad ċoṁ fíor agus ḃíos an Tiarna, mo ċuṁaċt: agus naċ mbíonn neaṁḟíréantaċt dá laġad ann. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland