Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 91 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 91. Qui habitat.

1 Cibé a ṁaireann faoi ċuṁdaċ an Té is Airde: fanfaiḋ sé faoi scáil an Uileċuṁaċtaiġ.

2 Déarfaiḋ mé leis an Tiarna, Is tú mo ḋóċas, agus mo ḋaingean: mo Ḋia, is as a ḃeiḋ mo ṁuinín.

3 Óir fuasclóiḋ sé ṫú ó ḋol an ḟiagaí: agus ón bplá urġránna.

4 Cosnóiḋ sé faoina sciaṫáin ṫú, agus ní baol duit faoina ċleití: beiḋ a ḋílseaċt agus a ḟírinne agat mar sciaṫ agus mar ḋídean.

5 Ní heagal duit an t‑uafás a ḃíos ag siúl san oíċe: ná an saiġead a eitlíos sa lá.

6 Ní heagal duit an ṗlá a ṡiúlas sa dorċadas: ná an aicíd a ḋéanas scrios i lár an lae.

7 Titfiḋ míle le do ṫaoḃ, agus deiċ míle ar do láiṁ ḋeas: aċ ní ṫiocfaiḋ sé i do ċoṁair.

8 Feicfiḋ tú go deiṁin le do ṡúile féin é: féaċfaiḋ tú ar a gcúiteofar le fear an oilc.

9 Óir is tú, a Ṫiarna, mo ḋóċas: is ró‑ard a ċuir tú do ṫeaċ cosanta.

10 Doċar ní ṫarlóiḋ duit: ná ní ṫiocfaiḋ plá de ċoṁair do ṫí.

11 Óir ordóiḋ sé dá aingil i do ṫaoḃ: ḃeiṫ do do ċuṁdaċ gaċ bealaċ dá mbíonn tú.

12 Iompróiḋ siad ar a mbosa tú: ionas naċ ngortaí tú do ċos in éadan cloiċe.

13 Siúlfaiḋ tú ar an leon agus ar an naṫair niṁe: satlóiḋ tú an coileán leoin agus an dragan faoi do ċosa.

14 De ḃrí gur ṫug sé grá dom, dá ḃrí sin beiḋ mé á ḟuascailt: ardóiḋ mé é, ó dob aiṫnid dó mʼAinm.

15 Glaofaiḋ sé orm, agus éistfiḋ mise leis: is deiṁin go mbím ina láṫair i mbuaireaṁ; fuasclóiḋ mé é, agus onóróiḋ mé é.

16 Taḃarfaiḋ mé dó a ṡásaṁ de ḟad saoil: agus taispeánfaiḋ mé mo ṡlánú dó.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ