Psailm 90 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 90. Domine, refugium. 1 A Ṫiarna, ba ṫú ár ndídean: ó ġlúin go ċéile. 2 Sular saolaíoḋ na sléiḃte, sular cruṫaíoḋ talaṁ an doṁain: is tú Dia ó ṡíoraíoċt, agus go saol na saol. 3 Cuireann tú ar neaṁní an duine: Filligí arís, a deir tú, a ċlann Áḋaiṁ; 4 Óir i do ṡúile níl míle bliain aċ mar an lá inné: a dʼimiġ ṫarainn mar ṫráṫ san oíċe. 5 Ní luaiṫe a scaipeann tú iad, ná bíonn siad mar ṡuan: agus feonn siad ċoṁ tobann le féar. 6 Ar maidin bíonn sé glas, agus fásann sé aníos: aċ tráṫnóna baintear é, agus éiríonn sé críon caite. 7 Óir bímid ag cnaí faoi do ḋíḃeirg: agus is eagal linn fíoċ dʼḟeirge. 8 Ċuir tú ár míġníoṁarṫa os do ċoinne: agus ár bpeacaí folaiṫe faoi ṡolas do ġnúise. 9 Óir nuair a ḃíonn tú i ḃfearg linn, bíonn ár laeṫanta uile istiġ: tarraingímid ar ḋeireaḋ ár mblian, mar scéal a insíoḋ tríd. 10 Is iad laeṫanta ár saoil a deiċ agus trí fiċid bliain; agus bíoḋ go ḃfuil daoine ann a dtugann a láidreaċt iad ċun na gceiṫre fiċid: ní ḟanann acu de ḃarr a láidreaċta aċ buaireaṁ agus brón; ar a luaṫas agus a ṫéann an saol ṫart, agus a ḃíonn ár ré caite. 11 Aċ cé a ṫugas aird ar ċuṁaċt dʼḟeirge: nó cé a mbíonn a ḋíol eagla air roiṁ do ḋíḃeirg? 12 Múin fios giorraċt ár saoil dúinn: ionas go dtugaimid ár gcroí don eagna. 13 Fill arís, faoi ḋeireaḋ, a Ṫiarna: agus bíoḋ trua agat do do ṡeirḃísiġ. 14 Nárḃ ḟada uainn ár sásaṁ de do ṫrócaire: go mbí áṫas agus lúċáir orainn ar feaḋ ár saoil agus ár laeṫanta. 15 Go mba ṁóide dár sólás uait, a ḟad agus ḃíteá ár mbuaireaṁ: agus na blianta inar ḟulaingeamar an t‑olc. 16 Taispeáin do ṡaoṫar do do ṡeirḃísiġ: agus taispeáin do ġlóir dá gclann. 17 Agus bíoḋ mórġlóir ónár dTiarna Dia orainn: cuir séan ar saoṫar ár láṁ dúinn, agus go soirḃí tú saoṫar ár láṁ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland