Psailm 9 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 9. Confitebor tibi. 1 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, ó mo ċroí go hiomlán: laḃróiḋ mé ar dʼoibreaċa iontaċa. 2 Beiḋ tú mar ċúis áṫais agus lúċáire agam: seinnfiḋ mé clú dʼAinm, ós tú an Té is Airde. 3 Nuair a ċuirtear mo naiṁde ar gcúl: titfiḋ siad agus scriosfar iad i do láṫair. 4 Óir ṗléiġ tú mo ċeart agus mo ċúis: ṡuiġ tú sa ríċaṫaoir i do ḃreiṫeaṁ ḟíréanta. 5 Ḃagair tú ar na págánaiġ, agus scrios tú luċt an oilc: scrios tú amaċ a n‑ainm go saol na saol. 6 Ṫáinig an naṁaid ċun deiriḋ; táid scriosta go deo: agus na caṫraċa a scrios tú, ċuaiġ siadsan agus a gcuiṁne as. 7 Aċ mairfiḋ an Tiarna go saol na saol: agus tá a ríċaṫaoir réiḋ aige le naġaiḋ breiṫiúnais. 8 Óir taḃarfaiḋ sé breiṫiúnas ar an doṁan go fíréanta: agus taḃarfaiḋ sé a gceart do na daoine de réir na fírinne. 9 Agus beiḋ an Tiarna mar ċrann cosanta ag a ḃfuil faoi ḋaorsmaċt: agus mar ḋídean an tráṫ a ṫagann an buaireaṁ. 10 Agus cuirfiḋ an dream a ḃfuil aiṫne acu ar dʼAinm a muinín ionat: óir níor ṫeip tú riaṁ, a Ṫiarna, ar an dream ḃíos dod iarraiḋ. 11 Molaigí an Tiarna arb é Síón a ċónaí: taispeánaigí a ġníoṁarṫa do na daoine. 12 Óir is cuiṁin leis iad nuair a ḃíos sé ag agairt fola: ní hé a ḋearmad casaoid na mboċt. 13 Déan trócaire orm, a Ṫiarna; breaṫnaiġ mo ḃuaireaṁ ó luċt mʼḟuaṫa: tusa a ṫógas mé ó ḋoirse an ḃáis. 14 Go ḃfoilsí mé do ṁolaḋ uile idir geataí iníne Ṡíóin: beiḋ do ṡlánú mar áḃar áṫais agam. 15 Ṫit na págánaiġ sa ṗoll a rinneadar: ceapaḋ a gcos sa líon a dʼḟolaiġ siad os íseal. 16 Tá a ḟios ag an saol go gcuireann an Tiarna an breiṫiúnas i ḃfeiḋm: ceaptar an droċḋuine le saoṫar a láṁ féin. 17 Scaoilfear luċt an oilc ċun báis: agus an dream a ḋéanas dearmad ar Ḋia. 18 Óir ní i gcónaí a ḋéanfar dearmad den ḃoċtán: ní go síoraí a ḃeiḋ an duine ceansa ag fanaċt go foiġneaċ in aisce. 19 Éiriġ, a Ṫiarna, agus ná lig an bua leis an duine: tugtar breiṫ ar na págánaiġ i do láṫair. 20 Cuir uaṁan orṫu, a Ṫiarna: go mbí a ḟios ag na págánaiġ naċ ḃfuil iontu aċ daoine. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland