Psailm 89 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 89. Misericordias Domini. 1 Beiḋ carṫanaċt ġráṁar an Tiarna á canaḋ de ṡíor agam: ó ġlúin go ċéile beiḋ dʼḟíréantaċt á foilsiú agam le mo ḃéal. 2 Is é dúirt mé, Ardófar an trócaire go deo: cuirfiḋ tú bunḟréaṁ dʼḟírinne sna neaṁa. 3 Tá conraḋ déanta agam le mʼḟear tofa: ṫug mé mo ṁionn do Ḋáiḃí mo ṡeirḃíseaċ, 4 Neartóiḋ mé go deo le do ṡíol: agus coinneoiḋ mé do ċaṫaoir ríoga ina seasaṁ ó ġlúin go ċéile. 5 A Ṫiarna, beiḋ na neaṁa féin ag molaḋ dʼḟeart: agus beiḋ dʼḟírinne á molaḋ ag an slua beannaiṫe. 6 Óir cé sin i measc na néalta: atá le cur i gcosúlaċt leis an Tiarna? 7 Agus cé sin i measc na ndéiṫe: atá inċurṫa leis an Tiarna? 8 Is mór an eagla atá ag teaċt ċuig Dia i gcoṁairle an tslua ḃeannaiṫe: is mór an urraim is dual dó ón luċt a ḃíos ina ṫimpeall. 9 A Ṫiarna Dia na slua, cé is cosúil leat: níl taoḃ dínn, a Ṫiarna ṁóir na gcuṁaċt, naċ mbíonn dʼḟírinne air. 10 Bíonn fíoċ na farraige ag géilleaḋ duit: ciúnaíonn tú a tonnta nuair a éiríonn siad. 11 Smaċtaiġ tú an Éigipt, agus scrios tú í: scaip tú do naiṁde le do ġéag ċuṁaċtaċ. 12 Is leat na neaṁa, is leat fós an talaṁ: is tú a ċuir bun na cruinne, agus a ḃfuil inti. 13 Rinne tusa an tuaisceart agus an deisceart: bíonn dʼAinm mar ċúis áṫais ag Tabor agus ag Hermón. 14 Tá géag ċuṁaċtaċ agat: is láidir do láṁ, agus is ard do láṁ ḋeas. 15 Bunaítear do ċaṫaoir ar an ḃfíréantaċt agus ar an gceart: siúlfaiḋ an trócaire agus an ḟírinne roiṁ do ġnúis. 16 Is beannaiṫe iad an pobal, a Ṫiarna, lerḃ ḟéidir tú a ḃeiṫ acu mar áḃar áṫais: siúlfaiḋ siad i solas do ġnúise. 17 Beiḋ dʼAinm mar ċúis lúċáire acu gaċ lá: agus beiḋ siad ag maíoṁ as dʼḟíréantaċt. 18 Óir is tú clú a gcuṁaċta: agus is de do ċarṫanaċt ġráṁar a ardóiḋ tú ár n‑aḋarca. 19 Óir is é an Tiarna ár gcosantóir: is é Naoṁ Iosrael ár Rí. 20 Laḃair tú i dtráṫ le do naoiṁ, agus dúirt tú: Ċuir mé tarrṫáil ar an té atá cuṁaċtaċ; dʼardaiġ mé an té a toġaḋ as an bpobal. 21 Ġlac mé Dáiḃí mo ṡeirḃíseaċ: dʼung mé lem ola naofa é. 22 Beiḋ greim daingean ag mo láiṁ air: agus beiḋ mo ġéag ag neartú leis. 23 Ní ḟéadfaiḋ an naṁaid foiréigean a ḋéanaṁ air: ná ní ḋéanfaiḋ mac na hurċóide doċar dó. 24 Beiḋ a naiṁde á leagan agam os coinne a ġnúise: agus luċt a ḟuaṫa á bpláḋ agam. 25 Beiḋ mʼḟírinne fós agus mo ṫrócaire leis: agus is im Ainmse a ardófar a aḋarc. 26 Cuirfiḋ mé an ḟarraige faoina réim: agus na sruṫanna faoina láiṁ ḋeas. 27 Is é a ṫaḃarfaiḋ sé orm, Is tú mʼaṫair: is tú mo Ḋia agus mo ṡlánú cuṁaċtaċ. 28 Déanfaiḋ mé mo ċéadġin mic de: níos airde ná ríṫe an doṁain. 29 Beiḋ mo ṫrócaire i dtaisce go deo faoina ċoṁair: agus beiḋ mo ċonraḋ leis buanseasṁaċ. 30 Taḃarfaiḋ mé ar a ṡíol ḃeiṫ buanṁarṫanaċ: agus ar a ċaṫaoir fanaċt mar laeṫanta neiṁe. 31 Aċ más rud é go dtréigeann a ċlann mo ḋlí: agus mura siúlann siad de réir mo ḃreiṫiúnas; 32 Má ḃriseann siad mo reaċta, agus má ṡáraíonn siad mʼaiṫeanta: cuirfiḋ mé smaċt ar a gcoireanna leis an slat, agus pionós orṫu le sciúirsí ar son a bpeacaí. 33 Ina ḋiaiḋ sin, ní ḃainfiḋ mé de ar fad mo ṫrócaire: ná ní ligfiḋ mé go dteipfeaḋ ar mʼḟírinne. 34 Ní ḃrisfiḋ mé mo ċonraḋ, ná ní aṫróiḋ mé briaṫar mo ḃéil: ṫug mé mo naofaċt mar ṁionn an t‑aon uair aṁáin naċ dteipfiḋ mé ar Ḋáiḃí. 35 Mairfiḋ a ṡíol go deo: beiḋ a ċaṫaoir ċoṁ buan leis an ngrian roṁam. 36 Seasfaiḋ sé go deo mar an ġealaċ: mar ḟianaise na fírinne ar neaṁ. 37 Aċ is aṁlaiḋ ṫug tú gráin do dʼungṫaċ agus ṫréig tú é: agus bíonn tú míṡásta leis. 38 Tá do ċonraḋ le do ṡeirḃíseaċ briste agat: agus a ċoróin caite ar lár agat. 39 Leag tú a ḃaḃúin uile: agus ḃris tú anuas a ḋaingin. 40 Bíonn luċt siúlta an ḃealaiġ á ċreaċaḋ: agus a ainm mar ḟocal aiṫise ag a ċoṁarsana. 41 Ṫug tú an láṁ uaċtair dá naiṁde: agus ċuir tú lúċáir ar a eascairde uile. 42 Ṁaolaiġ tú faoḃar a ċlaíṁ: agus ní ṫugann tú an bua dó sa ċaṫ. 43 Ṁúċ tú a ġlóir: agus ċuir tú a ċaṫaoir ríoga ar lár. 44 Ġiorraiġ tú laeṫanta a óige: agus ċuṁdaiġ tú le náire é. 45 A Ṫiarna, ca ḟad a ḃeiḋ tú do do ċeilt féin, an go deo: agus an ndóifiḋ dʼḟearg mar ṫine? 46 Ó cuiṁniġ ar ġiorraċt mʼama: cad ċuige a ndearna tú na daoine uile in aisce? 47 Cé né an fear dá maireann naċ ḃfeicfiḋ an bás: agus an ḃfuasclóiḋ sé a anam ó láiṁ ifrinn? 48 A Ṫiarna, cá ḃfuil an ṁaiṫeas ġráṁar a ḃíoḋ agat fadó: a ṁionnaiġ tú i do ḋílse do Ḋáiḃí? 49 Cuiṁniġ, a Ṫiarna, ar an aċasán a ḃíos ar do ṡeirḃísiġ: conas a iompraimse i mo ḃrollaċ aċasán an iomad daoine; 50 Lena maslaíoḋ do naiṁde ṫú: lenar ċaiṫeadar díṁeas ar lorg dʼungṫaċ. 51 Go moltar an Tiarna go síoraí: Áiméan agus Áiméan. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland