Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 88 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 88. Domine Deus.

1 A Ṫiarna Dia mo ṡlánaiṫe, ḃínn ag glaoċ lá agus oíċe os do ċoinne: tagaḋ mʼurnaí isteaċ i do láṫair, claon do ċluas ċun mo scairte.

2 Óir bíonn mʼanam lán de ḃuaireaṁ: agus bíonn mo ḃeaṫa ag druidim leis an uaiġ.

3 Bítear do mo ṁeas ar an dream a ṫéas síos sa ṗoll: ḃínn i mo ḋuine gan lúṫ gan láṫair.

4 Scaoilte i measc na marḃ, mar an dream atá ina luí san uaiġ agus a ngoin orṫu: a ċuaiġ as cuiṁne, agus a scaraḋ de do láiṁ.

5 Ċuir tú mé sa ṗoll is íoċtaraí: in áit an dorċadais agus sa doiṁneaċt.

6 Is trom a luíonn do ḋíḃeirg orm: táim buarṫa agat le do ḋoineanna go léir.

7 Ċuir tú mo luċt aiṫeantais i ḃfad uaim: agus ṫug tú orṫu fuaṫ a ḃeiṫ acu orm.

8 Táim ċoṁ dúnta sa ṗríosún: naċ féidir liom a ḟágáil.

9 Bíonn aṁarc mo ṡúl ag meaṫ le tréan buarṫa: a Ṫiarna, nár ġlaoiġ mé ort gaċ lá, nár ṡín mé mo láṁa ċugat?

10 An dtaispeánann tú iontais i measc na marḃ: an éireoiḋ na marḃáin arís, nó an molfaiḋ siad ṫú?

11 An dtaispeánfar do ċarṫanaċt ġráṁar san uaiġ: nó an noċtfar do ḋílseaċt i lár an léirscriosta?

12 An aiṫneofar dʼoibreaċa iontaċa sa dorċadas: nó an aiṫneofar dʼḟíréantaċt i dtir na ndearmad?

13 Is ċugat a ġlaoiġ mé, a Ṫiarna: is moċ a ṫiocfaiḋ mo ġuí i do láṫair.

14 A Ṫiarna, cad ċuige a mbíonn gráin agat ar mʼanam: cad ċuige a gceileann tú do ġnúis orm?

15 Táim faoi ġruaim, bím mar an té atá ag saoṫrú báis: óm óige i leiṫ ṫaḃaíoḋ dʼuafás intinn ḃuarṫa dom.

16 Bíonn do ḋíḃeirg ḟíoċṁar ag dul ṫaram: agus tá mʼeagla roṁat do mo ṁilleaḋ.

17 Ċuadar ṫaram gaċ lá mar uisce: ṫimpeallaíodar le ċéile mé ar gaċ taoḃ.

18 Ċuir tú mo luċt cumainn agus mo ċairde uaim: agus dʼḟolaiġ tú mo luċt aiṫeantais ó aṁarc mo ṡúl.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ