Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 87 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 87. Fundamenta ejus.

1 Is Ar na cnoic naofa a bunaíoḋ é: is fearr leis an Tiarna geataí Ṡíóin ná a ḃfuil de árais ag Iácób.

2 Níl ní dá ḟeaḃas: naċ ndeirtear fút, a ċaṫair Ḋé.

3 Beiḋ an Éigipt agus Baibilón á lua agam: ar an dream a ḃfuil aiṫne acu orm.

4 Siúd na Filistíniġ fós, agus muintir Ṫiorra, agus clann na Múraċ: beifear á n‑áireaṁ lenar rugaḋ i Síón.

5 Beifear á lua le Síón, gur rugaḋ seo agus siúd inti: agus beiḋ an Té is Airde ag neartú léi.

6 Beiḋ an Tiarna ag meas, nuair a scríoḃas sé na ciníoċa síos: gur i Síón a rugaḋ gaċ duine acu.

7 Freagróiḋ na cantairí agus luċt séidte na stoc: Níl tobar fuaráin agam naċ ḃfuil ionat.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ