Psailm 86 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 86. Inclina, Domine. 1 Claon anuas, a Ṫiarna, do ċluas, agus éist liom: ó táim i mboċtanas agus i mbuaireaṁ. 2 Cuṁdaiġ mʼanam, ós naofa mé: saoraḋ mo Ḋia a ṡeirḃíseaċ, a ċuireas a ṁuinín ionat. 3 Bí trócaireaċ dom, a Ṫiarna: óir glaofaiḋ mé ort gaċ lá. 4 Taḃair sólás dʼanam do ṡeirḃísiġ: óir is ċugat, a Ṫiar na, a ardaím mʼanam. 5 Óir bíonn tú maiṫ, a Ṫiarna, agus carṫanaċ: agus mórṫrócaireaċ lena nglaonn ort. 6 Taḃair cluas, a Ṫiarna, dom urnaí: taḃair aire dom aċainíoċa uṁla atá á rá os ard. 7 Is ort a ġlaofas mé in am mo ḃuarṫa: ó ṫugann tú éisteaċt dom. 8 Níl do leiṫéid ann i measc na ndéiṫe, a Ṫiarna: ná níl sé ann a ḋéanfaḋ do ġníoṁarṫa. 9 Tiocfaiḋ gaċ cine dá ndearna tú dod aḋraḋ, a Ṫiarna: agus taḃarfaiḋ siad glóir dod Ainm. 10 Óir is tú tá mór, agus is iontaċ do ġníoṁarṫa: is tú aṁáin is Dia ann. 11 Múin do ṡlí dom, a Ṫiarna, agus siúlfaiḋ mé id ḟírinne: snaiḋm mo ċroí duit féin, go raiḃ eagla orm roiṁ dʼAinm. 12 Taḃarfaiḋ mé buíoċas duit, mo Ṫiarna Dia, ó iomlán mo ċroí: agus molfaiḋ mé dʼAinm go deo. 13 Óir is mór a ḃíos do ṫrócai re orm: agus tá mʼanam fuascailte agat ó ḟíoríoċtar ifrinn. 14 A Ḋia, tá drong an díomais i ndiaiḋ éir í im aġaiḋ: agus ċuaiġ buíonta de luċt na láiṁe láidre ar ṫóir mʼanma, gan tusa a ṫeaċt os coinne a súl. 15 Aċ is tú, a Ṫiarna, a ḃíos lán de ṫrua agus de ṫrócaire: is fadḟulangaċ tú, agus is fairsing do ṁaiṫeas agus dʼḟírinne. 16 Fill orm mar sin, agus déan trócaire orm: taḃair do ċuṁaċt do do ṡeirḃíseaċ, agus cuidiġ le mac do ċuṁaile. 17 Taispeáin orm dea‑ċoṁarṫa éigin, go ḃfeice luċt mʼḟuaṫa é, agus go raiḃ náire orṫu: de ḃrí gur tú, a Ṫiarna, a ṫug tarrṫáil dom agus a ċuir sólás orm. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland