Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 85 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 85. Benedixisti, Domine.

1 A Ṫiarna, is maiṫ a ḃí tú do do ṫír: ṫug tú braiġdean aiġ Iácóib aḃaile.

2 Ṁaiṫ tú coir do ṁuintire: agus dʼḟolaiġ tú a bpeacaí go léir.

3 Lig tú uait do ḋíḃeirg uile: agus ċuir tú suas ded ḟearg ḟíoċṁar.

4 Iompaiġ sinn máisea, a Ḋia ár slánaiṫeoir: agus stad den ḟearg atá ort linn.

5 An go deo a ḃeiḋ tú míṡásta linn: nó an gcoṫóiḋ tú dʼḟearg ó ġlúin go ċéile?

6 An é nárḃ áil leat iompú arís agus sinne a ḃeoú: ionas go mbeifeá mar áḃar áṫais ag do ṁuintir?

7 Taispeáin dúinn do ṫrócai re, a Ṫiarna: agus bronn do ṡlánú orainn.

8 Éistfiḋ mé lena ndéarfaiḋ an Tiarna Dia i mo ṫaoḃsa: óir laḃróiḋ sé síoċáin lena ṁuintir, agus lena naoiṁ, ionas naċ dté siad leis an amaid í arís.

9 Óir bíonn a ṡlánú in aice an dreama darb eagal é: ionas go ḃfana an ġlóir inár dtír.

10 Tá coinne déanta ag an trócaire agus ag an ḃfírinne: ṗóg an ḟíréantaċt agus an tsíoċáin a ċéile.

11 Fásfaiḋ an ḟírinne aníos as an talaṁ: agus dʼḟéaċ an ḟíréantaċt anuas ó neaṁ.

12 Is deiṁin go dtaispeánfaiḋ an Tiarna carṫanaċt ġráṁar: agus go dtaḃarfaiḋ ár dtalaṁ uaiḋ a ṫoraḋ.

13 Siúlfaiḋ an ḟíréantaċt roiṁe: agus déanfaiḋ sé eolas dó sa tslí.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ