Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 84 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 84. Quam dilecta!

1 Cad é aoiḃneas dʼáras: a Ṫiar na na slua.

2 Is í mian agus mórṫnúṫ mʼanama dul isteaċ i gcúirteanna an Tiarna: is é an Dia beo is cúis áṫais mo ċroí agus mo ċolainne.

3 Is deiṁin go ḃfuair an gealḃan teaċ, agus go ḃfuair an ḟáinleog an nead ina gcuire sí a hál: cá háit aċ dʼaltóra, a Ṫiarna na slua, mo Rí agus mo Ḋia.

4 Is beannaiṫe iad luċt áiti ṫe do ṫí: beiḋ siad go deo do do ṁolaḋ.

5 Is beannaiṫe an té gur tú a ċuṁaċt: a mbíonn do ṡlite ina ċroí.

6 A mbíonn gleann an ḃuarṫa acu mar ṫobar fuaráin nuair a ṡiúlas siad tríd: agus gan lag ann naċ ḃfuil lán dʼḟíoruisce.

7 Dá láidreaċt iad is láidre a ḃeiḋ siad: agus níl duine orṫu naċ mbeiḋ le feiceáil i láṫair Dé na ndéi ṫe i Síón.

8 A Ṫiarna Dia na slua, éist le mo ġuí: taḃair cluas, a Ḋia Iácóib.

9 Féaċ, a Ḋia is dídean dúinn: féaċ ar aġaiḋ an Té a dʼung tú.

10 Is fearr aon lá aṁáin faoi do ċúirteanna: ná míle lá in áit naċ iad.

11 Bʼḟearr liom ḃeiṫ i mo ḋoirseoir i dteaċ mo Ḋé: ná ḃeiṫ i mo ċónaí i bpailliúin an oilc.

12 Óir is solas agus is crann cosanta an Tiarna Dia: beiḋ an Tiarna ag bronnaḋ grásta agus glóire, agus ní ċoinneoiḋ sé aon dea‑rud siar ón dream ċaiṫeas a mbeaṫa go cráifeaċ.

13 A Ṫiarna Dia na slua: is beannaiṫe an té a ċuireas a ḋóċas ionat.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ