Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 83 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 83. Deus, quis similis?

1 Ná bí gan laḃairt, a Ḋia, agus ná fan i do ṫost: ná cuir cosc leat féin, a Ḋia.

2 Óir siúd do naiṁ de ag monaḃar: agus luċt dʼḟuaṫa ag tó gáil a gcinn.

3 Ċumadar feall in aġaiḋ do ṗobail: agus ġlacadar coṁairle in aġaiḋ luċt do rúin.

4 Dúradar, Tagaigí, go dtarraingímid as na fréaṁaċa iad, ionas nár ṗobal iad feasta: agus go dté ainm Iosra el as cuiṁne.

5 Óir ċuadar dʼaontoil i gceann a ċéile: agus tá siad ceangailte le ċéile id éadan;

6 Pailliúin clainne Édom, agus cine Ismael: clann Moab agus muintir Hagar;

7 Gebal, agus Ammon, agus Amalec: na Filistíniġ agus luċt áitiṫe Tiorra.

8 Ċuaiġ Assur fós in éineaċt leo: ag cuidiú le clann Lot,

9 Aċ déan leo mar rinne tú ar ṁuintir Midian: ar Sisera agus ar Iabin ag aḃainn Cison;

10 A ċuaiġ ċun éaga ag Endor: agus a ḃí mar aoileaċ ar an talaṁ.

11 Déan iad féin agus a dtaoisiġ mar Oreb agus mar Zéb: déan a ḃflaṫa uile mar Séba agus mar Salmana;

12 An dream a deir, Glacaimis seilḃ: go mbí tiṫe Dé againn féin.

13 A Ḋia liom, déan iad mar ṡí gaoiṫe: mar an conlaċ roiṁ an ngaoṫ.

14 Mar an tine a loisceann an ċoill: agus mar ḟallscaoṫ ar ṡliaḃ;

15 Téaḋ do ḋoineann ar a dtóir: agus cuireaḋ do ṡéideán uafás orṫu.

16 Deargaiġ a n‑éadan le náire, a Ṫiarna: ionas go raiḃ siad ag iarraiḋ dʼAinm.

17 Go mba ṁóide dá n‑aiféala agus dá mbuaireaṁ: cuirtear náire orṫu agus scriostar iad.

18 Agus taḃarfar le fios dóiḃ gur tú, arḃ ainm duit Iáivé: gur tú aṁáin an Té is Airde os cionn an doṁain uile.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ