Psailm 82 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 82. Deus stetit. 1 Seasaíonn Dia i gcoṁṫionól na bprionsaí: is breiṫeaṁ é i measc na ndéiṫe. 2 Ca ḟad a ndéanfaiḋ siḃ breiṫiúnas míċeart: agus a mbeiḋ siḃ i leiṫ luċt an oilc? 3 Cosnaigí an duine boċt agus an dílleaċta: féaċaigí ċuige go ḃfaiġe luċt na hainnise agus an riaċta nais a gceart. 4 Fuasclaígí an ruagaire reaṫa agus an boċtán: taḃraigí slán iad as láiṁ an droċ ḋuine. 5 Ní ġlacfaiḋ siad le foġlaim ná ní ṫuigfiḋ siad, aċ ag siúl rompu sa dorċad as: tá buna ui le an talaiṁ as áit. 6 Is é adúirt mé, Is déiṫe siḃ: is clann an Té is Airde siḃ uile. 7 Ní lúide ġeoḃas siḃ bás mar ḋuine: agus titfiḋ siḃ mar ṗrionsa de na prionsaí. 8 Éiriġ, a Ḋia, agus taḃair féin breiṫiúnas ar an doṁan: óir glacfaiḋ tú seilḃ ar na náisiúin uile. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland