Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 81 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 81. Exultate Deo.

1 Canaimis go meiḋreaċ do Ḋia, ár gcuṁaċt: tógaigí gáir lúċáire roiṁ Dia Iácóib.

2 Tógaigí an salm, ċugainn an tiompán: an ċaoinċruit agus an liúit.

3 Séidigí stoc in am na gealaí nua: san am atá ainmniṫe dúinn le féile sollúnta.

4 Óir cuireaḋ sin i ḃfeiḋm mar reaċt dʼIosrael: agus mar ḋlí de ḋlíṫe Dé Iácóib.

5 Dʼordaiġ sé sin mar ḟianai sé in Iósaf: nuair a ṫáinig sé as tír na hÉigipte, inar ċuala sé canúint ċoiṁṫíoċ.

6 Ṫug mé faoiseaṁ dá ġualainn ó iompar ualaċ: agus fuasclaíoḋ a láṁa ó ḃeiṫ ag déanaṁ soiṫeaċ.

7 Ġlaoiġ tú orm i do ḃuarṫa, agus dʼḟuascail mé tú: agus dʼéist mé leat nuair a luiġ an doineann ort.

8 Oʼḟéaċ mé ṫú fós: ag uis cí an imreasáin;

9 Á rá, Éistigí, a ṗobail liom, agus taḃarfaiḋ mé mo ḋeiṁin air daoiḃ: a Iosrael, má ṫugann tú cluas dom,

10 Dia coiṁṫíoċ ní ḃeiḋ eadraiḃ: ná ní aḋarfaiḋ siḃ dʼaon Dia eile.

11 Is mé do Ṫiarna Dia, a ṫug amaċ as tír na hÉi gipte tú: foscail do ḃéal go fairsing, agus is mé a líonfas é.

12 Aċ níorḃ áil le mo ṗobal éisteaċt le mo ġlór: níor ṫoil le hIosra el uṁlú dom.

13 Dá ḃrí sin, scaoil mé iad le mianta a gcroí féin: agus lig mé dóiḃ leanúint dar saṁlaíoḋ dóiḃ féin.

14 Nár ṫrua nár éist mo ṗobal liom: óir dá mbʼáil le hIosra el siúl i mo ṡlite,

15 Ba ġairid go mbeaḋ a naiṁde curṫa faoi ċois agam: agus dʼiompóinn mo láṁ ar a n‑eascairde.

16 Ḃeaḋ luċt fuaṫa an Tiarna ag uṁlú roiṁe: aċ ṁairfeaḋ a seal siúd go deo.

17 Ḃeaṫóḋ sé iad le snua gaċ gráinne: agus ṡásóinn ṫú le mil as an gcarraig ċloiċe.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ