Psailm 80 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 80. Qui regis Israel. 1 Éist, a Aoire Iosrael, a ṫreoraíos Iósaf mar ṫréad: taispeáin ṫú féin freisin, ó ṡuíonn tú ar na Cearúibím. 2 Os coṁair Eṗráím, Beniamín, agus Manasses: múscail do ċuṁaċta, agus tar do ċur tarrṫála orainn. 3 Iompaiġ sinn arís, a Ḋia: noċt solas do ġnúise, agus slánófar sinn. 4 A Ṫiarna Dia na slua: ca ḟad a ḃeiḋ fearg ort le do ṗobal, agus iad ag guí? 5 Beaṫaíonn tú iad le harán na ndeor: agus tugann tú an iomad deor dóiḃ le hól. 6 Tá áḃar imreasáin déanta agat dínn dár gcoṁarsana: agus is díṁeasúil a ḃíonn ár naiṁde ag magaḋ fúinn. 7 Taḃair orainn filleaḋ arís, a Ṫiarna Dia na slua: taispeáin solas do ġnúise, agus slánófar sinn. 8 Ṫug tú an ċraoḃ ḟíniúna amaċ as an Éigipt: ċaiṫ tú amaċ na págánaiġ, go ndearna tú í a ṗlandáil. 9 Réitiġ tú an bealaċ roimpi: agus nuair a ċuir sí a fréaṁaċa síos, líon sí an tír. 10 Ḃí na cnoic cuṁdaiṫe lena scáil: agus ḃí a géaga mar ċrainn ḃreáṫa céadrais. 11 Ṡín sí a craoḃaċa ċun na farraige: agus a géaga ċun na haḃann. 12 Cad ċuige ar leag tú a claí: go mbíonn luċt siúil an ḃóṫair ag baint a caor fíniúna? 13 Bíonn torc allta na coille á toċailt: agus beiṫíġ allta an ṁaċaire á hiṫe. 14 Fill orainn arís, a Ṫiarna na slua, féaċ anuas ó neaṁ: taḃair aṁarc agus cuairt ar an gcraoḃ fíniúna seo; 15 Agus dála ionaid an ḟíonġoirt a cuireaḋ le do láiṁ ḋeas: agus dála na géige a rinne tú ċoṁ láidir sin duit féin. 16 Dóḋ le tine í, agus gearraḋ anuas í: agus tugann bagairt do ġnúise a mbás siúd. 17 Beireaḋ do láṁ ar ḟear do láiṁe deise: agus ar ṁac an duine, a rinne tú ċoṁ láidir sin duit féin. 18 Má ḋéanann tú aṁlaiḋ, ní raċaimid ar gcúl uait: lig ár mbeo linn, agus glaofaimid ar dʼAinm. 19 Taḃair orainn filleaḋ arís, a Ṫiarna Dia na slua: taispeáin solas do ġnúise, agus slánófar sinn. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland