Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 8 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 8. Domine, Dominus noster.

1 A Ṫiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!

2 Is tú a dʼardaiġ do ġlóir os cionn neiṁe: as béal na naíonán agus na leanḃ cíċe dʼordaiġ tú neart,

3 De ḃarr do naiṁde: go gcuirfeá tost ar an té a mbíonn an naiṁdeas agus rún an díoltais ina ċroí.

4 Nuair a ḃreaṫnaím do spéarṫa, a ṡaoṫraiġ do ṁéara: an ġealaċ agus na réalta a ċruṫaiġ tú;

5 Cad is duine ann, gur cuiṁneaċ leat é: agus mac an duine, go dtiocfá ċuige?

6 Dʼḟág tú níos ísle ná na haingil é: go gcuirfeá barr glóire agus gradam air.

7 Ċuir tú i gceannas oibreaċa do láṁ é: agus níl ní nár ċuir tú faoina ċosa;

8 Na caoiriġ uile agus an t‑eallaċ: agus beiṫíġ an ṁaċaire;

9 Éanlaiṫ an aeir, agus éisc na farraige: agus a siúlann cosáin na mara.

10 A Ṫiarna ár Rialtóir: is oirirc dʼAinm ar fuaid na cruinne!

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ