Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 79 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 79. Deus, venerunt.

1 A Ḋia, tá na págánaiġ i ndiaiḋ teaċt isteaċ id oiḋreaċt: tá do ṫeampall naofa truailliṫe acu, agus carn cloċ déanta acu de Iarúsalem.

2 Tá coirp ṁarḃa do ṡeirḃíseaċ tugṫa acu mar ḃia do éin an aeir: agus feoil do naoṁ do ḃeiṫíġ allta na tíre.

3 Tá a ḃfuil doirtiṫe acu mar uisce ar gaċ taoḃ de Iarúsalem: agus gan duine ann lena gcur san uaiġ.

4 Rinneaḋ náire os ard dínn dár naiṁde: táimid mar ḋíṁeas agus mar áḃar gáire ag a mbíonn már dtimpeall.

5 A Ṫiarna, ca ḟad a ḃeiḋ fearg ort: an ndóifiḋ dʼéad mar ṫine go deo?

6 Doirt amaċ dʼḟearg ar na págánaiġ nár aiṫin tú: agus ar na ríoċt a nár ġlaoiġ ar dʼAinm.

7 Óir tá Iácób slogṫa acu: agus fásaċ déanta acu dá áit ċónaiṫe.

8 Ná cuiṁniġ ar ár seanṗeacaí, aċ déan trócaire orainn in aiciorraċt: óir táimid in umar na haimiléise.

9 Cuidiġ linn, a Ḋia ár slánaiṫe, as uċt glóire dʼAinme: fuascail sinn, agus bí trócaireaċ dár bpeacaí, as uċt dʼAinm.

10 Cad ċuige a ndeireann na págánaiġ: Cá ḃfuil a nDia siúd anois?

11 Ná bíoḋ fuil do ṡeirḃíseaċ a doirteaḋ gan éiric: á baint amaċ go follas i measc na bpágánaċ, agus sinne á ḟéaċaint.

12 Tagaḋ osnaí bróin na bpríosúnaċ i do láṫair: de réir méid do ċuṁaċta, saor an dream a ḃfuil an bás i ndán dóiḃ.

13 Agus an aiṫis a ṫug ár gcoṁarsana duit: cúitiġ leo í, a Ṫiarna, faoi ṡeaċt isteaċ ina mbrollaċ.

14 Is aṁlaiḋ a ḃeiḋ sinne, do ṗobal, caoiriġ do ṗáirce, ag taḃairt buíoċais leat go deo: agus beimid do do ṁolaḋ os ard ó ġlúin go glúin.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ