Psailm 77 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 77. Voce mea ad Dominum. 1 Glaofaiḋ mé ar Ḋia os ard: is ar Ḋia féin ġlaofas mé os ard, agus taḃarfaiḋ sé cluas dom. 2 Is in am mo ḃuarṫa a dʼiarr mé an Tiarna: ṡín mé mo láṁa ċuige gan stad i riṫ na hoíċe; ḋiúltaiġ mʼanam don sólás. 3 Nuair a ḃíonn ualaċ trom tuirse orm, is ar Ḋia a smaoineoiḋ mé: nuair a ḃíonn mo ċroí cráite, déanfaiḋ mé mo ġearán leis. 4 Cuireann tú mo ṡúile ó ċodlaḋ na hoíċe: ní ligeann mo laige dom laḃairt. 5 Smaoiniġ mé ar na laeṫanta fad ó: agus ar na blianta a ċuaiġ ṫart. 6 Bím ag cuiṁneaṁ ar mʼaṁrán: agus san oíċe bím ag meaḃrú le mo ċroí, agus ag maċnaṁ go doṁain i mo sprid. 7 An ḃfanfaiḋ an Tiarna go deo as láṫair: nó an é naċ nglacfaiḋ sé a ṫuilleaḋ le hiarratas? 8 Ar tráḋ go deo a ṫrócaire: nó ar cuireaḋ críoċ go bráċ lena ġealltanas? 9 An ndearna Dia dearmad ar a ṁaiṫeas: nó an gcuirfiḋ sé suas dá ċarṫanaċt ġráṁar agus díḃeirg air? 10 Agus dúirt mé, Is í mo laige féin í: aċ cuiṁneoiḋ mé ar ḃlianta deasláiṁe an Té is Airde. 11 Cuiṁneoiḋ mé ar oibreaċa an Tiarna: féaċfaiḋ mé siar ar na hiontais a rinne tú sa sean‑am. 12 Beiḋ mé ag smaoineaṁ ar dʼoibrea ċa uile: agus beiḋ do ġníoṁarṫa mar áḃar cainte agam. 13 Is naofa do ṡlí, a Ṫiarna: cá ḃfuil an Dia atá ċoṁ mór lenár nDia‑na? 14 Is tú an Dia a ḋéanas na hiontais: agus is tú a ṫaispeán do ċuṁaċt i measc na gciníoċa. 15 Is cuṁaċtaċ a dʼḟuascail tú do ṗobal: clann Iácóib agus Iósaif. 16 Ċonaic na huiscí ṫú, a Ḋia, ċonaic na huiscí ṫú, agus ġlacadar eagla: agus corraíoḋ fós na doiṁneaċta. 17 Ḃí na néalta ag doirteaḋ uisce, agus ḃí an t‑aer lán toirní: agus ḃí do ṡaiġeada á scaoileaḋ as gaċ taoḃ. 18 Ċualaṫas glór do ṫoirní ṫart timpeall: ḃí na splancaċa ag dealrú ar an talaṁ; corraíoḋ agus craiṫeaḋ an talaṁ. 19 Ḃí do ṡlí sa ḃfarraige, agus do ċosáin sna huiscí móra: agus níor aiṫníoḋ lorg do ċos. 20 Ṡeol tú do ṗobal mar ċaoiriġ: le láiṁ Maoise agus Áróin. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland