Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 76 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 76. Notus Iudaea.

1 Is aiṫnid Dia in Iúda: is mór a Ainm in Iosrael.

2 Is i Salem atá a ṗailliún: agus is i Síón atá a ċónaí.

3 Ba ansin a ḃris sé saiġeada an ḃoġa: an sciaṫ agus an claíoṁ agus an caṫ.

4 Is glórṁar cuṁaċtaċ ṫú: nuair a ṫagann tú ó ṡléiḃte na gcreaċadóirí.

5 Rinneaḋ creaċ ar luċt an uaḃair, agus ṫit a gcodlaḋ orṫu: agus na fir uile is láidir láṁ, ní ḟuaireadar aon ní.

6 Led aċasán, a Ḋia Iácóib: ṫit an carbad agus an t‑eaċ ar aon.

7 Is tú féin is ineaglaiṫe: agus cé a ṡeasfaḋ id aṁarc nuair a ḃíos fearg ort?

8 Dʼḟoilsiġ tú do ḃreiṫiúnas ó neaṁ: ċriṫ an talaṁ agus dʼḟan sé socair,

9 Nuair a dʼéiriġ Dia do ṫaḃairt breiṫiúnais: agus do ċuidiú le daoine ceansa ui le an talaiṁ.

10 Déanfaiḋ dásaċt an duine tú a ṁolaḋ: agus cuirfiḋ tú srian lena ndásaċt.

11 Geallaigí do ḃur dTiarna Dia, agus coṁlíonaigí ḃur ngealltanas, a ḋream a ḃíos ina ṫimpeall: tugaigí taḃartais ċuig an té is ineaglaiṫe.

12 Cuirfiḋ sé srian le sprid na ḃflaṫ: agus is iontaċ é i measc ríṫe an talaiṁ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ