Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 75 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 75. Confitebimur tibi.

1 Tugaimidne buíoċas leat, a Ḋia: is duit a ṫugaimid buíoċas.

2 Tá dʼAinm i ḃfogas: mar ḟoilsíonn dʼoibreaċa iontaċa.

3 San am ainmniṫe, deir Dia: taḃarfaiḋ mé breiṫiúnas de réir ċirt.

4 Is lag an talaṁ, agus a áitreaḃaiġ uile: is mé ċoinníos a ċolúna ina seasaṁ.

5 Dúirt mé leis na hamadáin, Stadaigí de ḃur ngníoṁarṫa mire: agus le luċt an oile, Ná tógaigí ḃur n‑aḋarc.

6 Ná tógaigí ḃur n‑aḋarc in airde: agus ná laḃair go cruaṁuineálaċ.

7 Óir ní anoir ná aniar a ṫagann an t‑ardú: ná aneas féin.

8 Agus cad ċuige? Is é Dia is breiṫeaṁ ann: cuireann sé síos duine aṁáin, agus tógann sé duine eile.

9 Óir tá cupán i láiṁ Dé, faoi ḟíon ḋearg: tá sé lánṁeascṫa, agus tá sé ag doirteaḋ as.

10 Is é tá i ndán dá ḋríodar: go mbeiḋ luċt oile uile an talaiṁ á ól agus á ḋiúl.

11 Aċ beiḋ mise ag laḃairt ar Ḋia Iácóib: agus á ṁolaḋ go deo.

12 Agus brisfiḋ mé aḋarca uile luċt an oilc: agus ardófar aḋarc a na ḃfíréan.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ