Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 74 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 74. Ut quid, Deus?

1 A Ḋia, cad ċuige a ḃfanann tú uainn ċoṁ fada sin: cad ċuige a ḃfuil do ḋíḃeirg ċoṁ te sin in aġaiḋ caoraċ do ṗáirce?

2 Smaoiniġ ar do ċoṁṫionól: a ċeannaiġ tú, agus a dʼḟuascail tú fadó.

3 Smaoiniġ ar ṫreiḃ dʼoiḋreaċta: agus ar ċnoc Ṡíóin ina mbíoḋ do ċónaí.

4 Géaraiġ ar do ċoisíoċt, go scriosa tú ar fad gaċ naṁaid: dá ndearna olc i do ṡanctóir.

5 Cuireann do naiṁde gáir astu i measc do ċoṁṫionól: agus cuireann siad a mbrataċa in airde mar ċoṁarṫaí.

6 An té a ṡnoíoḋ aḋmad as crainn na coille: dʼḟaiġeaḋ sé clú agus cáil roiṁe sin ar a ealaín.

7 Aċ anois tá an obair ġreanta á briseaḋ anuas acu: le tuanna agus le casúir.

8 Ċuireadar dʼáiteanna naofa le tine: agus tá áit ċónaiṫe dʼAinm truailliṫe, leagṫa ċun talaiṁ acu.

9 Is é rud a dúradar ina n‑intinn féin, scriosaimis ar fad iad le ċéile: is aṁlaiḋ loisceadar a ḃfuil de ṫiṫe Dé sa tír.

10 Ní ḟeicimid ár gcoṁarṫaí, níl aon ḟáiḋ le fáil níos mó: níl, ná nil duine againn níos mó a ḃfuil tuiscint aige.

11 A Ḋia, ca ḟad a ḃeiḋ an eascara ag cur míċlú ort: ca ḟad a ṁaslóiḋ an naṁaid dʼAinm, an go deo?

12 Cad ċuige naċ gcuireann tú do láṁ isteaċ: cad ċuige naċ dtarraingíonn tú do láṁ ḋeas as dʼuċt go gcuire tú an naṁaid ar neaṁní?

13 Óir is é Dia mo Rí le fada riaṁ: is é féin oibríos gaċ cúnaṁ dá ḃfaiġtear ar talaṁ.

14 Rinne tú ḋá leaṫ den ḟarraige le do ċuṁaċt: ḃris tú cinn na ndragún san uisce.

15 Ḃris tú cinn Leḃiatáin i mbloġanna: go dtug tú é mar ḃia do ḃeiṫíġ an ḟásaiġ.

16 Ċuir tú toibreaċa agus uisce as na carraigeaċa crua: agus ṫriomaiġ tú uiscí móra.

17 Is leat an lá, agus is leat an oíċe: is tú a dʼullṁaiġ an solas agus an ġrian.

18 Is tú a ċuir críoċa uile an talaiṁ: is tú a rinne an saṁraḋ agus an geiṁreaḋ.

19 Cuiṁniġ air seo, a Ṫiarna, conas a ṫug an naṁaid aċasán: agus a ṫug an ṁuintir amaideaċ masla dod Ainmse.

20 Ná lig anam dʼḟéaráin le slua na naṁad: nárḃ iad do ḋearmad iad go deo coṁṫionól na mboċt.

21 Féaċ ar an gconraḋ: óir tá an talaṁ uile lán de ḋorċadas, agus de ṫiṫe míṫrócaireaċa.

22 Ná himíoḋ an duine simplí faoi náire: aċ bíoḋ an boċtán agus an dearóil ag taḃairt molta do dʼAinm.

23 Éiriġ, a Ṫiarna, pléiġ do ċúis féin: cuiṁniġ ar an masla a ċuireas an duine amaideaċ ort gaċ lá.

24 Ná déan dearmad de ġlór do naiṁde: tá díomas luċt dʼḟuaṫa ag síorṁéadú.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ