Psailm 73 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 73. Quam bonus Israel! 1 Is fíorġráṁar Dia dʼIosrael: bíonn grá aige do luċt an ċroí ġlain. 2 Ina ḋiaiḋ sin, is beag nár ṫit mé: is maiṫ nár sciorr mo ċosa as fúm. 3 Agus cad ċuige? De ḃrí go raiḃ aiféala orm faoi na peacaiġ: agus as uċt an tséin a ċonaic mé ar luċt an oilc. 4 Óir ní ṫagann baol an ḃáis orṫu: aċ bíonn siad go folláin láidir. 5 Ní ṫiteann an mí‑áḋ orṫu, mar ṫiteann ar ḋaoine eile: ní ċuirtear an ṗlá orṫu mar ċuirtear ar na fir eile. 6 Agus sin an fáṫ go mbeireann an díomas orṫu: agus go mbíonn siad lán de ṁíṫrócaire. 7 Bíonn siad bolgṡúileaċ le tréan raiṁreaċta: agus ní ḋéanann siad aċ mar is mian leo. 8 Bíonn siad mealltaċ diaṁaslaċ: laḃraíonn siad in aġaiḋ an Té is Airde. 9 Síneann siad a mbéal i dtreo na neaṁ: agus imíonn a dteanga ar fuaid an talaiṁ. 10 Ar an áḃar sin glacann na daoine a bpáirt: agus ní beag an tairḃe a ḃaineas siad as. 11 Naċ cuma, adeir siad, conas a aireoḋ Dia é: an ḃfuil eolas ag an Té is Airde? 12 Féaċ, siúd mar ḃíonn luċt an oile: bíonn a leiṫéidí faoi raṫ sa doṁan, agus seilḃ acu ar saiḃreas. 13 Agus dúirt mé, má tá an scéal aṁlaiḋ, is díoṁaoin a ġlan mé mo ċroí: agus a niġ mé mo láṁa i neaṁċiontaċt. 14 Ḃítí do mo ṗianaḋ i riṫ an lae: agus cuirtí smaċt orm gaċ maidin. 15 Is ea, is beag naċ ndúirt mé an rud a deir siad: aċ féaċ, dá ndéanainn, ḃeinn ag daoraḋ aicme do ċlainne féin. 16 Smaoiniġ mé ansin ar sin a ṫuiscint: aċ ḃí sé róḋeacair dom. 17 Go ndeaċaiġ mé isteaċ i sanctóir Dé: ba ansin a ṫuig mé críoċ déanaċ na ndaoine sin; 18 Ṫuig mé conas a ċuireann tú in áiteanna sleaṁaine iad: agus mar ċuireann tú síos iad agus mar a scriosann tú iad. 19 Naċ tobann a ċuirtear ar neaṁní iad: a ḋíláiṫrítear iad, agus a ṫéann siad ċun críċe uafásaí! 20 Mar imíonn brionglóid le dúiseaċt: is aṁlaiḋ a ċuirfiḋ tú a n‑íoṁá ar ceal as an gcaṫair. 21 Ba aṁlaiḋ a cráḋ mo ċroí: agus a ċuaiġ arraing trí mo lár. 22 Ba aṁlaiḋ ḃí mé amaideaċ, aineolaċ: mar ainṁí éigéillí i do láṫair. 23 Ina ḋiaiḋ sin, níl am naċ mbím i do ċoṁair: óir rug tú greim ar mo láiṁ ḋeas. 24 Beiḋ tú do mo ṫreorú le coṁairle: agus do mo ġlacaḋ ċugat sa ġlóir ina ḋiaiḋ sin. 25 Cé atá agam ar neaṁ aċ tú: agus ní ḃíonn dúil agam in aon neaċ dá ḃfuil ar talaṁ, nuair a cuirtear iad i gcosúlaċt leat. 26 Tá mo ċolainn agus mo ċroí ag teaċt ċun críċe: aċ is é Dia cuṁaċt mo ċroí, is é mo ċuid é go síoraí. 27 Óir féaċ, beiḋ an dream a ṫréigeas tú á scrios: ċuir tú ar neaṁní a ndearna stríopaċas id aġaiḋ. 28 Aċ is é is fearr liomsa greim daingean doscaoilte ḃeiṫ agam ar Ḋia, agus mo ḋóċas a ċur sa Tiarna Dia: agus laḃairt i ngeataí iníne Ṡíóin ar dʼoibreaċa go léir. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland