Psailm 71 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 71. In te, Domine, speravi. 1 Is ionat, a Ṫiarna, a ċuir mé mo ḋóċas, ná lig go gcuirtí díomua orm go deo: aċ fuascail mé agus fóir orm id ḟíréantaċt; claon do ċluas ċugam, agus taḃair slán mé. 2 Bí agam mar ḋaingean, gur féidir liom tarraingt air i gcónaí: ġeall tú go gcuideofá liom, óir is tú mo ṫeaċ cosanta agus mo ċaisleán. 3 Fuascail mé, a Ḋia liom, as láiṁ an droċḋuine: as láiṁ an duine éagóiriġ ṁíṫrócairiġ. 4 Óir is tú, a Ṫiarna Dia, atá uaim: ba tú mo ḋóċas anuas óm óige. 5 Is leat a tógaḋ mé ó ṫáinig mé ar an saol: is tú a ṫug as broinn mo ṁáṫar mé; ní ḃeiḋ á ṡeinm agam aċ do ṁolaḋ. 6 Is iomaí duine a rinne iontas díom: aċ is asat atá mo ḋóċas daingean. 7 Líontar mo ḃéal de do ṁolaḋ: go seinnfiḋ mé do ġlóir agus dʼonóir ar feaḋ an lae. 8 Ná caiṫ amaċ mé in am mo ṡeanaoise: ná tréig mé nuair a ṫeipeann mo neart orm. 9 Óir bíonn mo naiṁde ag laḃairt im aġaiḋ: agus tá an dream a ḃíos ag faire na faille ar mʼanam ag cur a gcoṁairle le ċéile, ag rá. 10 Ṫréig Dia é: cuir géarleanúint air, agus gaḃ é, óir níl aon duine lena ḟuascailt. 11 Ná himiġ i ḃfad uaim, a Ḋia: deifríoḋ mo Ḋia do ċuidiú liom. 12 Cuirtear buaireaṁ agus buanéag ar an dream atá in aġaiḋ mʼanma: bíoḋ an dream atá ag iarraiḋ mʼaiṁleasa á gcuṁdaċ le náire agus le heasonóir. 13 Aċ beiḋ mise de ṡíor ag feiṫeaṁ go foiġneaċ: agus beiḋ do ṁolaḋ i gcónaí á ṁéadú agam. 14 Beiḋ mo ḃéal gaċ lá ag cur síos ar dʼḟíréantaċt agus ar do ṡlánú: óir ní aiṫním críoċ ar biṫ leo. 15 Imeoiḋ mé i neart an Tiarna Dia: agus ní ḃeiḋ á lua agam aċ aṁáin dʼḟíréantaċt. 16 Ba tú, a Ḋia, a ṫug teagasc dom óm óige go dtí an uair seo: dá ḃrí sin beiḋ mé ag insint dʼoibreaċa iontaċa. 17 Ná tréig mé, a Ḋia, im ṡeanaois, nuair a ḃím ceannliaṫ: go dtaispeánfaiḋ mé do ċuṁaċt don ġlúin seo, agus do neart dá ḃfuil go fóill le teaċt ar an saol. 18 Is mór agus is ard í, a Ḋia, dʼḟíréantaċt: agus is mór na gníoṁarṫa atá déanta agat; a Ḋia, cé is cosúil leat? 19 Cad é an mórḃuaireaṁ agus an mórċruatan a ṫaispeán tú dom! agus ina ḋiaiḋ sin dʼḟill tú orm agus ṫug faoiseaṁ dom: dʼḟill, go deiṁin, go dtug tú ar ais ó ṗoill íoċtaraċa an talaiṁ mé. 20 Ṫug tú mé ċun mór‑onóra: agus ċuir tú sólás ar gaċ taoḃ díom. 21 Dá ḃrí sin molfaiḋ mé tú ar do ḋílseaċt, a Ḋia, agus beiḋ mé ag seinm ar ġléas ceoil: is duit a ċanfaiḋ mé leis an gcláirseaċ, a Naoiṁ Iosrael. 22 Is fonnṁar a ṡeinnfiḋ mo ḃéal duit: agus is fonnṁar a ṡeinnfiḋ mʼanam duit, ó dʼḟuascail tú í. 23 Beiḋ mo ṫeanga fós ag tráċt ar dʼḟíréantaċt dá mbʼḟada an lá: óir tugaḋ díomua agus náire ar an dream a ḃíos lem aiṁleas. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland