Psailm 70 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 70. Deus in adjutorium. 1 Deifriġ, a Ḋia, dom ḟuascailt: déan deifir agus cuidiġ liom, a Ṫiarna. 2 Bíoḋ náire agus díomua ar an dream atá ag iarraiḋ mʼanma: cuirtear ar gcúi agus cuirtear ceann faoi ar an dream a mbíonn olc acu dom. 3 Go mba é a náiriú in am ġairid a luaíoċt: don dream a ḃíos ag glaoċ, Seo, seo, liom. 4 Aċ bí tusa mar áḃar áṫais agus mar ċúis lúċáire ag an dream a ḃíos dod iarraiḋ: agus bíoḋ an luċt gurab aoiḃinn leo do ṡlánú á rá i gcónaí, Molaḋ leis an Tiarna. 5 Aċ táimse i mboċtanas agus i mbrón: déan deifir agus tar ċugam, a Ḋia. 6 Is tú mo ċúntóir agus mʼḟuascailteoir: a Ṫiarna, nárḃ ḟada uaim do ṫeaċt. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland