Psailm 7 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 7. Domine, Deus meus. 1 A Ṫiarna mo Ḋia, is ionat a ċuir mé mo ḋóċas: saor mé ó luċt uile mo ġéarleanúna, agus fuascail mé; 2 Sula slogaḋ sé mʼanam, mar leon, agus go stróiceaḋ sé ó ċéile í: agus gan ċúntóir le fáil. 3 A Ṫiarna mo Ḋia, má rinne mé aṁlaiḋ: nó má tá aon ċoir ar mo láṁa; 4 Má ṫug mé an t‑olc in aġaiḋ na maiṫeasa don té a ḃí cairdiúil liom: (nár ḟuascail mé an té a ḃí ina naṁaid dom gan ċúis?) 5 Cuireaḋ mo naṁaid ansin géarleanúint ar mʼanam, agus beireaḋ sé orm: agus satlaíoḋ sé mo ḃeaṫa sa talaṁ, agus leagaḋ sé mo ċlú sa luaiṫ. 6 Éiriġ suas, a Ṫiarna, id ḟearg, bí dod ardú féin, ó tá fearg ar mo naiṁde: seas ar mo ṡon sa ḃreiṫiúnas a dʼordaiġ tú. 7 Agus is aṁlaiḋ ṫiocfaiḋ coṁṫionól na gciníoċa i do ṫimpeall: agus bí ag éirí os a ċionn arís. 8 Taḃarfaiḋ an Tiarna breiṫiúnas ar na ciníoċa; taḃair saorḃreiṫ orm, a Ṫiarna: de réir mʼḟíréantaċta, agus de réir na neaṁċiontaċta a tá ionam. 9 Tigeaḋ urċóid luċt an oilc ċun deiriḋ: aċ treoraiġ tusa na fíréin. 10 Óir bíonn an Dia fíréanta: ag proṁaḋ na gcroíṫe agus na n‑árann. 11 Is ó Ḋia a ṫagann an cúnaṁ ċugam: is é a ċosnaíos luċt an ċroí ḟír. 12 Is breiṫeaṁ fíréanta Dia, agus é láidir, foiġneaċ: agus cuirtear caṫú ar Ḋia gaċ lá. 13 Mura n‑aṫraíonn duine a ċúrsa, cuirfiḋ sé faoḃar ar a ċlaíoṁ: tá a ḃoġa lúbṫa aige, agus réiḋ. 14 Tá airm ṁarfaċa ullaṁ aige: tá saiġeada i ndán aige do luċt na géarleanúna. 15 Féaċ, tá sé ag iompar mioscaise: ġaḃ sé crá ina ḃroinn, agus rug sé an urċóid. 16 Ṫoċail sé agus dʼoscail sé poll: agus ṫit sé féin san ár a ċum sé do ḋuine eile. 17 Óir ḃain sé slat a sciúrṫa féin: agus fillfiḋ a ḟeall ar a ḃaiṫis féin. 18 Taḃarfaiḋ mé buíoċas don Tiarna, ar son a ḟíréantaċta: agus molfaiḋ mé Ainm an Tiarna, Ainm an Té is Airde. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland