Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 68 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 68. Exsurgat Deus.

1 Éiríoḋ Dia, agus scaiptear a naiṁde: agus teiṫeaḋ a luċt fuaṫa roiṁe.

2 Mar ṫéann an toit as an aṁarc, is aṁlaiḋ a ḃeiḋ siad á ruaigeaḋ agat: mar leánn an ċéir roiṁ an tine, go mbʼaṁlaiḋ scriosfar luċt an oilc le láiṫreaċt Dé.

3 Aċ bíoḋ áṫas ar na fíréin agus lúċáir orṫu roiṁ Dia: go mba ṁeiḋreaċ soilḃir iad.

4 Canaigí do Ḋia, agus seinnigí molaḋ a Ainm: móraigí an té a ḃíos ag marcaíoċt ar na neaṁa; molaigí é ina Ainm Ián, agus bíoḋ áṫas oraiḃ roiṁe.

5 Is é aṫair na ndílleaċtaí é, agus is é a ṗléas cúis na mbaintreaċ: mar tá, Dia ina áitreaḃ naofa.

6 Is é an Dia é a ṫugann ar an luċt aontís ḃeiṫ ar aon intinn le ċéile, agus a scaoileas na braiġdeanaiġ as broid: aċ ligeann sé don luċt tréasa leanúint dá nganntanas.

7 A Ḋia, nuair a ċuaiġ tú amaċ roiṁ an bpobal: nuair a ċuaiġ tú tríd an ḃfásaċ,

8 Ḃí an talaṁ ag criṫ, agus na neaṁa ag sileaḋ anuas le láiṫreaċt Dé: agus ḃí Sínaí féin ag bogaḋ i láiṫreaċt Dé, is Dia do Iosrael.

9 Ḃí frasa fiala fearṫainne, a Ḋia, á ḃfearaḋ leat ar dʼoiḋreaċt: lena dtug tú sólás di ina tuirse.

10 Ba ann a ḃíoḋ do ċoṁṫionól ina gcónaí: ó ṫug do ṁaiṫeas ort, a Ḋia, lón a ḋéanaṁ do na boċta.

11 Fuarṫas an focal ón Tiarna: ní raiḃ áireaṁ ar an mbantraċt a ḃí ag fógairt scéala.

12 Cuirtear ruaig agus maiḋm ar ríṫe agus ar a sluaite: agus roinntear an ċreaċ idir luċt an teaġlaiġ.

13 An ḃfanfaiḋ siḃ idir na banraċa: mar ċolm a mbíonn a sciaṫáin airgeadaiṫe á ċuṁdaċ, agus a mbíonn a ċleití mar ór?

14 Nuair a scaip an tUileċuṁaċtaċ na ríṫe ar a son: ḃíodar ag titim ċoṁ tiuḃ leis an sneaċta i Salmón.

15 Is breá an cnoc Cnoc Ḃásáin: is ea, tá Cnoc Ḃásáin ina ardċnoc.

16 Cad ċuige a mbíonn siḃ ag fonóid, a ċnoca arda? Is cnoc Dé é an cnoc seo, a ṫaitniġ leis mar áitreaḃ: is ea, agus is ann a ḟanfas an Tiarna go bráċ.

17 Tá fiċe míle ann de ċarbaid Dé, tá, agus na mílte míle acu: agus tá an Tiarna ina measc, mar ḃíonn in ionad naofa Sínaí.

18 Ċuaiġ tú suas in airde, ġaḃ tú do ġialla ċun giallaíoċta, agus ġlac tú aiscí ó ḋaoine: ġlac tú aiscí ó do naiṁde féin, mar i ndúil is go gcónóḋ an Tiarna Dia eatarṫu.

19 Bíoḋ an Tiarna á ṁolaḋ gaċ lá: an Dia céanna a ḃíos ag cuidiú linne, agus a ḋoirteas a ṁaiṫea sa orainn.

20 Is é ár nDia é, an Dia a dtagann an slánú uaiḋ: is é Dia is Tiarna ann, agus is leis a ṫagaimid slán ó ḃás.

21 Fágfaiḋ Dia créaċt i gceann a naiṁde: agus i moing gruaige an té ḃíos ag síorċleaċtaḋ urċóide.

22 Is é a dúirt an Tiarna, taḃarfaiḋ mé ar ais ó Ḃásán iad: taḃarfaiḋ mé ar ais iad ó ḋoiṁneaċt na farraige;

23 Ionas go dtumtar do ċos i ḃfuil do naiṁde: agus go raiḃ teangaċa do ṁadraí á ndeargaḋ léi.

24 Is maiṫ mar a ḟeictear do ṡiúlta, a Ḋia: mar ṡiúlann mo Ḋia agus mo Rí sa sanctóir.

25 Siúlann na cantairí i dtosaċ an tslua, agus leanann an luċt seanma ina ndiaiḋ: bíonn na hóġa ag tiompánaċt ina lár.

26 Tugaigí buíoċas, a Iosrael, do Ḋia an Tiarna ar ḃur gcoṁṫionóla: ó íoċtar an ċroí.

27 Siúd Beniamín beag mar rialtóir orṫu, agus flaṫa lúda mar luċt coṁairle acu: prionsaí Sabúloin agus flaṫa Neṗtálí.

28 Is é do Ḋia a ċuir an ċuṁaċt ionat: neartaiġ, a Ḋia, lenar oibriġ tú ionainn,

29 As uċt do ṫeampaill in Iarúsalem: is aṁlaiḋ a ḃeiḋ na ríṫe ag iompar taḃartas ċugat.

30 Taḃair aċasán do ḟaoḃar an naṁad, dá gcruinníonn de ċeannurraí agus de ṡluaite daoine, go dtaga siad go huṁal ċugat le bonnaí airgid: scaip na ciníoċa arḃ é an cogaḋ a n‑aoiḃneas.

31 Sin an uair a ṫiocfaiḋ na flaṫa as an Éigipt: is gairid go raiḃ Tír na Múraċ ag síneaḋ a láṁ ċun Dé.

32 Canaigí do Ḋia, a ríoċta an talaiṁ: seinnigí molaḋ an Tiarna;

33 An té atá ina ṡuí ó ṫús ar neaṁ os cionn gaċ ní: féaċ mar a ligeann sé a ġlór, agus is mórċuṁaċtaċ an glór é.

34 Bíoḋ sé á lua agaiḃ leis an Tiarna go ḃfuil cuṁaċt aige ar Iosrael: is sna néalta atá sé in uaċtar céime agus cuṁaċta.

35 Is iontaċ Tú, a Ḋia, id ionaid naofa: is aṁlaiḋ ḃíos Dia Iosrael; is é a ṫaḃarfaiḋ an cuṁaċt agus an cumas dá ṗobal; go mbeannaítear Dia.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ