Psailm 66 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 66. Jubilate Deo. 1 Bíoḋ áṫas oraiḃ roiṁ an Tiarna, a ṫíorṫa uile: canaigí molaḋ in onóir a Ainme, go mba ġlórṁar agaiḃ a ṁolaḋ. 2 Abraigí le Dia, Is iontaċ as cuimse mar a oibríonn tú: taḃarfaiḋ méid do ċuṁaċta ar do naiṁde iad féin a ísliú roṁat. 3 Óir beiḋ an doṁan ar fad do do adraḋ: beiḋ tú mar áḃar ag a n‑aṁráin, agus beiḋ siad ag molaḋ dʼAinm. 4 Tagaigí ċugainn, go ḃfeice siḃ oibreaċa Dé: agus iontas a ġníoṁarṫa le clann Áḋaiṁ. 5 Ṫiontaiġ sé an ṁuir ina talaṁ ṫirim: gur ṡiúladar de ċosa tríd an uisce; ba é a ċuir lúċáir orainn, an uair úd. 6 Bíonn an réim ag a ċuṁaċt i gcónaí; feiceann a ṡúile na náisiúin: agus an ṁéid naċ gcreidfiḋ, ní ḟéadfaiḋ siad dul i gcéim. 7 Molaigí ár nDia, a ċiníoċa: cluintear fuaim a ṁolta uaiḃ os ard. 8 Is é a ċoinníos an ḃeaṫa ionainn: agus naċ ligeann dár gcosa imeaċt as fúinn. 9 Óir is tú, a Ḋia, a dʼḟéaċ sinn: agus ḋearḃaiġ tú sinn mar dearḃaítear an t‑airgeaḋ. 10 Ṫug tú isteaċ sa dol sinn: agus ċuir tú ualaċ buarṫa ar ár gcaoldroim. 11 Lig tú do ḋaoine marcaíoċt i mullaċ ár gcinn: ċuamar tríd an tine agus tríd an uisce, agus ṫug tú amaċ sinn in áit ḟairsing. 12 Raċaiḋ mé isteaċ i do ṫeaċ le híobairtí loiscṫe, agus coṁallfaiḋ mé duit na móideanna sin: a ġeall mé le mo ḃéal, agus a ċan mé le mo ṫeanga, nuair a ḃí mé i mbuaireaṁ. 13 Beiḋ íobairtí méiṫe loiscṫe, agus túis reiṫe, á dtoirḃirt agam duit: agus beiḋ bulláin agus gaḃair á dtoirḃirt agam. 14 Tagaigí ċugam, agus tugaigí cluas, a ṁuintir a mbíonn eagla oraiḃ roiṁ Dia: go n‑insí mé daoiḃ a ndearna sé dom anam. 15 Ġlaoiġ mé air le mo ḃéal: agus ṡeinn mé a ṁolaḋ le mo ṫeanga. 16 Má ḃíonn claonaḋ ċun urċóide i mo ċroí: ní éistfiḋ an Tiarna liom. 17 Aċ is aṁlaiḋ dʼéist Dia liom: ḃí aird aige ar ġlór mʼurnaí. 18 Molaḋ le Dia nár ċuir uaiḋ mʼaċainíoċa: agus nár iompaiġ a ṫrócaire uaim. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland