Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 65 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 65. Te decet hymnus.

1 Bítear do do ṁolaḋ, a Ḋia, i Síón: agus coṁlíonfar duit an ṁóid in Iarúsalem.

2 Is tú a éisteas leis an urnaí: is ċugat a ṫiocfas gaċ fear fola agus feola.

3 Tá mo ṁíġníoṁarṫa ag fáil mo ḃua: aċ bí trócaireaċ dúinn inár bpeacaí.

4 Is beannaiṫe an fear a mbíonn tú á ṫoġaḋ agus á ġaḃáil ċugat: cónóiḋ sé i do ċúirt, agus sásófar é le haoiḃneas do tí, le haoiḃneas do ṫeampaill naofa.

5 Taispeánfaiḋ tú iontas dúinn id ḟíréantaċt, a Ḋia ár slánaiṫe: a ḃíos mar ḋóċas ag críoċa uile an talaiṁ, agus ag a ḃfanann sa ḃfarraige leaṫan.

6 A mbunaíonn a neart na sléiḃte: atá á ċrioslú le cuṁaċt.

7 A ċiúnaíos fraoċ na farraige: agus tormán a tonna, agus buile na ndaoine.

8 Beiḋ eagla roiṁ do ċoṁarṫaí ar luċt áitiṫe críoċa ciana an doṁain: ós tú a ṫugann ar imeaċta na maidine agus na nóna do ṁolaḋ a ṡeinm.

9 Tagann tú ċun an talaiṁ, agus beannaíonn tú é: agus déanann tú fairsing é i dtorṫaí.

10 Is lán dʼuisce í aḃainn Dé: is léi a ṫugann tú ar an gcruiṫneaċt faiḃriú, ós aṁlaiḋ a ḃíonn tú ag soláṫar don talaṁ.

11 Leagann tú uisce ar a iomairí, agus cuireann tú fearṫainn ina ġleanntáin: bogann tú é le braonta na fearṫainne, agus beannaíonn tú a ṫorṫaí.

12 Cuireann tú barr an an mbliain le do ṁaiṫeas: agus bíonn do néalta ag sileaḋ méaṫrais.

13 Beiḋ siad á sileaḋ ar árais an ḟásaiġ: agus berḋ lúċáir ar na cnocáin ṫart timpeall.

14 Beiḋ na banraċa lán de ċaoiriġ: agus beiḋ cruiṫneaċt ar cois sna gleannta ċoṁ tiuḃ go mbeifear ag gáire agus ag ceol.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ