Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 64 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 64. Exaudi, Deus.

1 Éist le mo ġlór, a Ḋia, im urnaí: cuṁdaiġ mo ḃeaṫa ó eagla mo naṁad.

2 Folaiġ mé ón gcoṁṫionól claon: agus ó éirí amaċ luċt an oilc.

3 A ċuir faoḃar ar a dteanga, mar ċlaíoṁ: agus a scaoileas a saiġeada, mar tá, focail scarḃa.

4 Go scaoile siad os íseal leis an té tá foirfe: is tobann a ḃuaileas siad é, agus ní ḃíonn eagla orṫu.

5 Bíonn siad á neartú féin ċun oilc: agus tráċtann siad le ċéile conas a ċuirfeas siad dola, agus deir siad naċ ḃfeicfiḋ aon duine iad.

6 Bíonn urċóid acu á cumaḋ agus á cur i ngníoṁ: agus bíonn sé i moḋ rúin eatarṫu féin, gaċ duine i ndoiṁneaċt a ċroí.

7 Aċ scaoilfiḋ Dia go tobann saiġead lúfar leo: ionas go ngoinfear iad.

8 Go deiṁin, taḃarfaiḋ a dteangaċa féin orṫu titim: ionas go mbeiḋ an té a ḟeiceann iad ag fonóid fúṫu.

9 Agus déarfaiḋ a ḃfeiceann iad, Gníoṁ Dé an gníoṁ seo: óir aiṫneoiḋ siad gurab i a obair í.

10 Beiḋ an Tiarna mar áḃar lúċáire ag an bfíréan, agus is sa Tiarna a ċuirfeas sé a ḋóċas: agus beiḋ áṫas ar luċt an ċroí ḟír.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ