Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 63 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 63. Deus, Deus meus.

1 A Ḋia, is tú mo Ḋia: is luaṫ a raċaiḋ mé dod iarraiḋ.

2 Tá dʼíota ar mʼanam, agus tá mʼḟeoil faoi ċuṁa i do ḋiaiḋ: i dtír ṫirim ṫur gan toraḋ gan tobar.

3 Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ mo ṡúil leat sa sanctóir: mar i ndúil is go ḃfeicfinn do ċuṁaċta is do ġlóir.

4 Óir is fearr do ċarṫanaċt ġráṁar ná an ḃeaṫa féin: beiḋ mo ḃeola ag seinm do ṁolta.

5 Le mo ṡaol beiḋ mé do do ṁóraḋ ar an moḋ sin: agus ardóiḋ mé mo láṁa i dʼAinm.

6 Sásófar mʼanam, mar a ḃeaḋ le smior agus le saill: nuair a ṡeinnfeas mo ṫeanga do ṁolaḋ go binnḃéalaċ.

7 Nár ċuiṁniġ mé ort i mo leaba luí: agus naċ ort a smaoiniġ mé agus mé i mo ḋúiseaċt?

8 De ḃrí go mba tú mo ċúntóir: dá ḃrí sin beiḋ áṫas orm faoi scáṫ do sciaṫán.

9 Tá mʼanam i do ṁuinín: ċosnaíoḋ do láṁ ḋeas mé.

10 Aċ an dream a ḃios le haiṁleas mʼanama: raċaiḋ siad faoin gcré.

11 Titfiḋ siad le béal an ċlaíṁ: déanfar bia sionnaċ dioḃ.

12 Aċ beiḋ Dia mar ċúis lúċáire ag an rí; molfar an dream a ṫugann mar ṁionn é: óir dúnfar béal luċt inste na mbréag.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ