Psailm 62 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 62. Nonne Deo? 1 Is aṁlaiḋ bíonn mʼanam ag feiṫeaṁ go suaiṁneaċ ar Ḋia: ós uaiḋ ṫagann mo ṡlánú. 2 Is é mo ċuṁaċt é agus mo ṡlánú i ḃfírinne: is é mo ḋídean é, go naċ baol dom mórṫitim. 3 Ca ḟad a ḃeartóiḋ siḃ aiṁleas gaċ duine: marófar siḃ go dtí an duine deiriḋ; beiḋ siḃ go deiṁin mar ḃalla claon agus mar ḟál ḃearnaiṫe. 4 Ní ḃeartaíonn siad aċ conas a ċuirfeas siad amaċ an té is toil le Dia a ardú: bíonn an dea‑ḟocal óna mbéal, agus an ṁallaċt óna gcroí. 5 Nár ba lúide, a ṁʼanam, a ḃeifeá ag feiṫeaṁ go suaiṁneaċ ar Ḋia: ós as a ḃíos mo ḋóċas. 6 Is é mo ċuṁaċt agus mo ṡlánú é i ḃfírinne: is é mo ḋídean é, go naċ baol dom titim. 7 Is i nDia a ḃíos mo ṡláinte agus mo ġlóir: is é carraig mo ċuṁaċta é; agus is as Dia a ḃíos mo ḋóċas. 8 Cuirigí ḃur ndóċas ann de ṡíor, a ḋaoine: doirtigí amaċ ina láṫair a mbíonn ar ḃur gcroí, ós é Dia ár ndóċas. 9 Níl i gClann Áḋaiṁ aċ díoṁaointeas, is bréagaċ iad clann na ndaoine: nuair a ṫoṁaistear iad, is éadroime ar fad iad ná an díoṁaointeas féin. 10 Ná taoḃaiġ leis an éagóir ná leis an ḃfoġlaíoċt, agus ná bígí tugṫa don díoṁaointeas: agus dá ṁéid í ḃur maoin, ná tugaigí ḃur gcroí di. 11 Is é a dúirt Dia aon uair aṁáin, agus ċuala mé é á rá faoi ḋó: gur le Dia an ċuṁaċt. 12 Agus gur trócaireaċ ṫú, a Ḋia: ó ṫugann tú luaíoċt do gaċ duine de réir a oibre. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland