Psailm 6 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 6. Domine, ne in furore. 1 A Ṫiarna, ná taḃair aċasán dom agus fearg ort: agus ná cuir smaċt orm agus tú i ḃfíoċ liom. 2 Bíoḋ trócaire agat orm, a Ṫiarna, ó táim cloíte: a Ṫiarna, slánaiġ mé, ó tá mo ċnáṁa coscarṫa. 3 Agus tá mórḃuaireaṁ ar mʼanam: aċ, a Ṫiarna, cá ḟad a ḃeiḋ tú do mo ṗianaḋ? 4 Fill, a Ṫiarna, agus fuascail mʼanam: saor mé ar son do ṫrócaire. 5 Óir sa ḃás ní ċuiṁníonn aon duine ort: agus cé a ṫaḃarfaiḋ buíoċas duit sa ṗoll? 6 Táim tuirseaċ ag osnaíl: ním mo leaba gaċ oíċe, agus fliuċaim mʼiomaí le mo ḋeora. 7 Dʼimiġ mo ṁaise uaim le tréanḃuaireaṁ: críonaḋ í de ḃarr mo naiṁde uile. 8 Imiġ uaim, a luċt déanta an díoṁaointis: óir ċuala an Tiarna fuaim mo ċaointe. 9 Ċuala an Tiarna mʼaċainíoċa: glacfaiḋ an Tiarna le mo ġuí. 10 Cuirfear náire agus mórḃuaireaṁ ar mo naiṁde uile: cuirfear ar gcúl iad, agus cuirfear náire orṫu go tobann. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland