Psailm 59 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 59. Eripe me de inimicis. 1 Fuascail mé ó mo naiṁde, a Ḋia: cosain mé óna n‑éiríonn amaċ im éadan. 2 Fuascail mé ó luċt cleaċtaiṫe na hurċóide: agus saor mé ó na fir ḟuilteaċa. 3 Óir féaċ, mar ḃíonn siad ag faire na faille ar mʼanam: tá na tréanḟir ag slógaḋ im aġaiḋ, gan ċoir ná ċionta uaimse, a Ṫiarna. 4 Bíonn siad ina riṫ ag déanaṁ réiḋ gan ċionta uaim: Éiriġ ṫusa mar sin do ċuidiú liom, agus aṁarc orṫu. 5 Éiriġ suas, a Ṫiarna Dia na slua, a Ṫiarna Iosrael, go mbreaṫnaí tú na págánaiġ uile: agus ná bí trócaireaċ don dream a ḃíos ciontaċ de ḋroċrún dʼaonġnó. 6 Siúlann siad anonn agus anall tráṫnóna: noċtann siad a gcarr mar ṁadra, agus riṫeann siad ar fuaid na caṫraċ. 7 Féaċ, bíonn mallaċtaí ina mbéal, agus bíonn claiṁte ina mbeola: óir cé, adeir siad, a ċluinfeas é? 8 Aċ beiḋ tusa, a Ṫiarna, ag magaḋ fúṫu: déanfaiḋ tú gáire fonóideaċ faoi na págánaiġ uile. 9 Is leat a luafaiḋ mé a mbíonn de ċuṁaċt agam: óir is tú Dia mo ḋídine. 10 Is fial a ṫaispeánann Dia a ṁaiṫeas dom: agus taḃarfaiḋ Dia mo ṁian dom ar mo naiṁde. 11 Ná maraiġ iad, ar eagla go ndéanfaḋ mo ṗobal dearmad de: aċ scaip ó ċéile iad le do ċuṁaċta agus cuir ar lár iad, a Ḋia, ár ndídean. 12 Ar son peacaí a mbéil, agus ar son briaṫar a mbeol, béarfar orṫu ina n‑uaḃar: agus cad é an fáṫ? De ḃrí naċ gcanann siad aċ mallaċtaí aʼs bréaga. 13 Cuir ar ceal iad id ḟearg, cuir ar neaṁní iad, go raiḃ deireaḋ leo: agus go raiḃ a ḟios acu gurb é Dia a ḃíos ag rialú in Iácób, agus go críoċa an doṁain. 14 Agus fillfiḋ siad tráṫnóna: noċtfaiḋ siad a gcarr mar ṁadra; agus imeoiḋ siad ar fuaid na caṫraċ. 15 Riṫfiḋ siad anonn agus anall ar ṫóir bia: agus beiḋ siad ag ceasaċt mura ḃfaiġeann siad a sá. 16 Aċ beiḋ mise ag cantaireaċt faoi do ċuṁaċt, agus ag molaḋ do ṫrócaire ar moċ maidine: óir ba ṫusa mo ḋídean agus mo ċosantóir i lá mo ḃuarṫa. 17 Is duitse, a ċuṁaċt liom, a ċanfaiḋ mé mʼaṁrán: óir is tú, a Ḋia, mo ḋídean agus mo Ḋia trócaireaċ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland