Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 58 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 58. Si vere utique.

1 An í an ḟíréantaċt rún daingean ḃur gcroí, a ċoṁṫionóil: agus an ceart é an breiṫiúnas a ṫugann siḃ uaiḃ, a luċt na céimíoċta?

2 Scéal cinnte, go mbíonn an t‑olc á ċumaḋ agaiḃ in ḃur gcroí ar an talaṁ: agus go n‑oibríonn ḃur lá ṁa an urċóid.

3 Bíonn luċt an oilc contrárṫa, ó ḃroinn a máṫar féin: ní luaiṫe a ṡaolaítear iad, ná téann siad ar seaċrán, agus insíonn siad bréaga.

4 Bíonn siad ċoṁ marfaċ le naṫair niṁe: mar an naṫair niṁe ḃoḋar a ḋruideann a cluasa.

5 Agus a ḋiúltaíonn éisteaċt leis an draoi: dá ġliceas é ag cur na ngeas.

6 Bris a ḃfiacla, a Ḋia, ina mbéal: buail buille ar ċnáṁa géill na leon, a Ṫiarna.

7 Go dtite siad as mar uisce a ṫéann le fána: go mbristear a saiġeada nuair a scaoileas siad iad.

8 Leáidís mar leánn seilide, agus bídís mar ṫoirċeas anapaiḋ mná: agus nár ḟeice siad an ġrian.

9 Sula dtéitear ḃur gcorcáin leis na sceaċa: tiocfaiḋ fearg air, agus scuabfaiḋ sé as iad le hiomġaoṫ.

10 Beiḋ lúċáir ar an ḃfíréan nuair a ḟeicfiḋ sé an díoltas: nífiḋ sé a ċosa i ḃfuil luċt an oilc.

11 Ionas go mbeifí á rá, I ḃfírinne tá luaċ saoṫair i ndán don ḟíréan: tá Dia ann gan aṁras a ṫugann breiṫiúnas ar an talaṁ.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ