Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 57 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 57. Miserere mei, Deus.

1 Bíoḋ trócaire agat orm, a Ḋia, bíoḋ trócaire agat orm, ós asat atá dóċas mʼanama: ġeoḃaiḋ mé dídean faoi scáṫ do sciaṫán, go n‑imí an tíorántaċt seo ṫarainn.

2 Glaofaiḋ mé ar an Dia is Airde: ar an Dia céanna a ḋéanfas an ċúis atá idir láṁa agam a ċur i ḃfeiḋm.

3 Cuirfiḋ sé síos ó neaṁ: agus taḃarfaiḋ sé slán mé ó aiṫis an té atá ar tí mo ṡlogṫa.

4 Cuirfiḋ Dia amaċ a ṫrócaire agus a ḟírinne: tá mʼanam sa i measc na leon.

5 Táim i mo luí i measc clann na ndaoine, a ċuaiġ trí ṫine: bíonn sleánna agus saiġeada acu mar ḟiacla, agus claíoṁ géar acu mar ṫeanga.

6 Éiriġ in airde, a Ḋia, os cionn na neaṁ: agus éiríoḋ do ġlóir os cionn an talaiṁ uile.

7 Ċuireadar líon roiṁ mo ċosa, agus is íseal a ṫuga dar mʼanam: ṫoċladar poll roṁam, agus ṫiteadar féin ina lár.

8 Is daingean mo ċroí, a Ḋia, is daingean mo ċroí: beiḋ mé ag cantaireaċt agus ag seinm do ṁolta.

9 Dúisiġ, mo ġlóir; dúisígí a ċruit ʼs a ċláirseaċ: is luaṫ luaṫ a ḃeiḋ mé féin i mo ḋúiseaċt.

10 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, i measc na gciníoċa: agus beiḋ mé ag cantaireaċt duit i measc na náisiún.

11 Óir bíonn méid do ṫrócaire ċoṁ hard leis na neaṁa: agus sroiċeann dʼḟírinne go dtí na néalta.

12 Éiriġ in airde, a Ḋia, os cionn na neaṁ: agus éiríoḋ do ġlóir os cionn an talaiṁ uile.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ