Psailm 56 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 56. Miserere mei, Deus. 1 Bíoḋ trócaire agat orm, a Ḋia, óir bíonn an duine ag iarraiḋ mé a ṡlogaḋ: bíonn sé gaċ lá ag troid, agus ag cur buarṫa orm. 2 Níl lá naċ mbíonn mo naiṁde ag déanaṁ a ndíċill le mo ċraos‑slogaḋ: óir is iomaí duine atá ag troid im éadan, a Ḋia is Airde. 3 Aċ ina ḋiaiḋ sin, cé go mbíonn eagla orm ar uaire: is asat a ḃíonn mo ḋóċas. 4 Molfaiḋ mé Dia, ar son a ḃriaṫair: ċuir mé mo ḋóċas i nDia, agus ní heagal liom a ndéanfaḋ fuil agus feoil orm. 5 Níl lá naċ mbaineann siad míṫuiscint as mo ḃriaṫra: ní smaoiníonn siad aċ ar an doċar a ḋéanfaiḋ siad dom. 6 Bíonn siad ag teaċt le ċéile, ag dul i ḃfolaċ roṁam: téann siad ar mo lorg, agus cuireann siad luíoċán roiṁ mʼanam. 7 An dtaḃarfaiḋ a n‑urċóid slán iad: i do ḋíḃeirg, a Ḋia, cuirfiḋ tú ar lár iad. 8 Bíonn mo ṡeaċráin siúil á gcuntas agat; cuir mo ḋeora isteaċ i do ḃuidéal: naċ ḃfuil na niṫe seo uile breacṫa agat i do leaḃar? 9 Ċoṁ minic agus a ġlaoim ort, cuirfear an ruaig ar mo naiṁde: tá a ḟios sin agam; ó tá Dia ar mo ṫaoḃ. 10 Is é briaṫar Dé mo ċúis lúċáire: as briaṫar Dé a ḃainfeas mé sólás. 11 I ḃfírinne, tá mo ḋóċas curṫa i nDia: ní heagal liom a ndéanfaiḋ an duine orm. 12 Is duitse, a Ḋia, a ċoṁallfas mé mo ṁóideanna: is duitse a ṫaḃarfaiḋ mé buíoċas. 13 Óir is tú a dʼḟuascail mʼanam ó ḃás, agus mo ċosa ó ṫitim: ionas go siúlad os coinne Dé faoi ṡolas na mbeo. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland