Psailm 55 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 55. Exaudi, Deus. 1 Éist le mo ġuí, a Ḋia: agus ná bí do do ċeilt féin óm aċainí. 2 Taḃair aire dom, agus éist le mo scéal: mar a ḃíonn brón agus buaireaṁ orm, agus mé ag guí. 3 Ó ġáir na naiṁde, agus ó ġéaraiġ luċt an oilc ar a siúl: tá ar intinn acu doċar a ḋéanaṁ dom; ón olc a ṫaispeánann siad dom. 4 Tá mo ċroí buarṫa ionam: agus ṫit eagla an ḃáis orm. 5 Ṫáinig imní agus creaṫnú orm: agus rug uafás ar mo ḃaill beaṫa. 6 Agus dúirt mé, is mairg naċ ḃfuil sciaṫáin orm mar ċolm: ba ansin a raċainn ar eiteog as, agus ġeoḃainn suaiṁneas. 7 Féaċ, mar dʼéalóinn i ḃfad i gcéin: agus dʼḟanfainn san ḟásaċ. 8 Ḃeaḋ deifir orm ag éalú: de ḃarr an tséideáin gaoiṫe agus de ḃarr na doininne. 9 Bíoḋ a dteangaċa, a Ṫiarna, á scriosaḋ agus á scaraḋ ó ċéile agat: óir ċonaic mé urċóid agus clampar sa ċaṫair. 10 Ní stadann siad de ṡiúl taoḃ istiġ dá ballaí lá ná oíċe: agus bíonn an donas agus na deora ina lár. 11 Is í ionad na hurċóide í: ní ḟágann an ċealg ná an ċluain a sráideanna. 12 Óir ní naṁaid follas a ṫug an ṁíċlú seo orm: dá mbʼaṁlaiḋ ab ḟéidir liom a ḟulaingt. 13 Ná níorḃ é mʼeascara, a ċuir im aġaiḋ go mór: dá mba é, bʼḟéidir go raċainn i ḃfolaċ roiṁe. 14 Aċ ba tú a ḃí ann, mo ċomrádaí: mo ċoṁairleoir, agus mo ḋlúṫċara. 15 Ba ċaoin ár gcoṁairle le ċéile: ba ċairdiúil a ṡiúlamar i dteaċ Dé. 16 Go dtaga an bás orṫu go tobann, agus go dté siad síos sa ṗoll agus iad beo: óir tá an urċóid ina gcónaiṫe, agus ina gcroí istiġ. 17 Aċ glaofaiḋ mise ar Ḋia: agus saorfaiḋ an Tiarna mé. 18 Tráṫnóna, agus ar maidin, agus um meán lae beiḋ mé ag guí, agus ag guí go dian: agus éistfiḋ sé le mo ġlór. 19 Is é ṫug mʼanam slán i síoċáin ón gcaṫ a cuireaḋ orm: óir bʼ iomaí duine a ċuir cogaḋ orm. 20 Beiḋ Dia, a ṁaireas go síoraí, é féin ag éisteaċt liom, agus á gcur ar lár: óir ní iompóiḋ siad, ná ní heagal leo Dia. 21 Ċuir sé a láṁa ar an té a ḃí i síoċáin leis: agus ḃris sé a ċonraḋ. 22 Ba ḃoige briaṫra a ḃéil ná im, agus an cogaḋ ina ċroí: ba ṡleaṁaine a ḃriaṫra ná ola, aċ is iad na claiṁte iad. 23 Caiṫ dʼualaċ ar an Tiarna, agus coṫóiḋ sé ṫú: ní ligfiḋ sé go dteipfeaḋ ar an ḃfíréan go deo. 24 Aċ is é atá i ndán don drong úd: beiḋ tú féin, a Ṫiarna, á dtaḃairt go poll an scriosta. 25 Na fir ḟíoċṁara ḟealltaċa, ní ḃfaiġiḋ siad leaṫ a laeṫanta: aċ ina ḋiaiḋ sin, is ionat a ċuirfeas mé mo ḋóċas, a Ṫiarna. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland