Psailm 54 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 54. Deus, in nomine. 1 Saor mé, a Ḋia, as uċt dʼAinm: baineaḋ do ċuṁaċt díoltas amaċ ar mo ṡon. 2 Éist le mo ġuí, a Ḋia: agus taḃair cluas do ḃriaṫra mo ḃéil. 3 Óir tá coiṁṫíġ i ndiaiḋ éirí im éadan: agus tá tíoránaiġ, naċ mbíonn Dia os coinne a súl, ag iarraiḋ mʼanma. 4 Féaċ, is é Dia mo ċúntóir: tá an Tiarna i ḃfoċair luċt cosanta mʼanama. 5 Taḃarfaiḋ sé olc do mo naiṁde: scrios iad de réir dʼḟírinne. 6 Taḃarfaiḋ mé duit ofráil ó ċroí ṡaor, agus molfaiḋ mé dʼAinm, a Ṫiarna: óir is mór an sólás é. 7 Óir dʼḟuascail sé mé as mo ḃuaireaṁ uile: agus ċonaic mo ṡúil a mian ar mo naiṁde. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland