Psailm 53 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 53. Dixit insipiens. 1 Is é a dúirt an duine amaideaċ ina ċroí: Níl aon Dia ann. 2 Is truailliṫe atá siad, dʼéiriġ a n‑urċóid gráiniúil: níl aon duine a ḋéanas an ṁaiṫ. 3 Dʼḟéaċ Dia anuas ó neaṁ ar ċlann Áḋaiṁ: go ḃfeicfeaḋ sé an mbeaḋ tuiscint ag aon duine, an iarrfaḋ sé Dia. 4 Aċ ċuadar uile as an slí, dʼéiríodar gráiniúil ar fad: níl duine ann a ḋéanas an ṁaiṫ, níl, fiú aon duine aṁáin. 5 Naċ iad atá gan tuiscint, a mbíonn droċḟuadar fúṫu: ag iṫe mo ṁuintire mar dʼíosfaidís arán? Níor ġlaoiġ siad ar Ḋia. 6 Ḃí eagla orṫu gan áḃar eagla ann: óir ḃris Dia cnáṁa an té a ċuir léigear ort. 7 Ċuir tú náire orṫu: ó ḃí díṁeas ag Dia orṫu. 8 Go raiḃ an slánú á ḃronnaḋ ar Iosrael as Síón amaċ: go ḃfuascla an Tiarna a ṁuintir as broid! 9 Is ansin a ḃeaḋ lúċáir ar Iácób: agus áṫas ar Iosrael. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland