Psailm 52 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 52. Quid gloriaris? 1 Cad ċuige a mbíonn tú ag maíoṁ, a ṫíoránaiġ: go ḃfuil ar do ċumas olc a ḋéanaṁ? 2 Aċ dá ainneoin sin uile: maireann maiṫeas Dé gaċ lá. 3 Cumann do ṫeanga urċóid: agus gearrann tú le bréaga mar le géarscian ḃearrṫa. 4 Bʼansa leat an neaṁḟíréantaċt ná an ṁaiṫeas: agus bʼḟearr leat laḃairt ar ḃréaga ná laḃairt ar an ḃfíréantaċt. 5 Ba ḃreá leat gaċ focal is mó a ḋéanfaḋ doċar a laḃairt: a ṫeanga na bréige. 6 Dá ḃrí sin scriosfaiḋ Dia go deo tú: béarfaiḋ sé ort, agus tógfaiḋ sé as dʼionad cónaiṫe tú, agus tarraingeoiḋ sé as do ṗréaṁaċa tú as talaṁ na mbeo. 7 Agus feicfiḋ an fíréan an ní sin, agus beiḋ eagla air: agus déanfaiḋ sé gáire fonóideaċ faoi. 8 Féaċ, siúd an fear nár ġlac Dia mar a neart: aċ a ċuir a ḋóċas i méid a ṁaoine, agus a neartaiġ é féin ina urċóid. 9 Aċ bímse mar ċrann ġlas ola i dteaċ Dé: tá mo ḋóċas as maoṫ‑ṫrócaire Dé go saol na saol. 10 Beiḋ mé ag taḃairt buíoċais duit go deo as a ndearna tú: agus beiḋ mo ḋóċas as dʼAinm, ós é is fearr le do naoiṁ. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland